Enrique Peña Nieto

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaEnrique Peña Nieto

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith20 Iúil 1966
57 bliana d'aois
Atlacomulco de Fabela, Meicsiceo Cuir in eagar ar Wikidata
President of Mexico (en) Aistrigh
1 Nollaig 2012 – 1 Nollaig 2018
← Felipe CalderónAndrés Manuel López Obrador →
Gobharnóir stát Mheicsiceo
16 Meán Fómhair 2005 – 16 Meán Fómhair 2011
← Arturo Montiel Rojas Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Ainm cleiteEPN Cuir in eagar ar Wikidata
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Phan-Mheiriceánach
Monterrey Institute of Technology and Higher Education (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaithePozuelo de Alarcón
Airde169 cm Cuir in eagar ar Wikidata
Dath súileDonn
Dathán gruaigeGruaig dhonn
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir, dlíodóir, rannpháirtí i bhfóram idirnáisiúnta Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Réabhlóideach Institiúideach Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Spáinnis
Ghlac sé/sí páirt i
20 Eanáir 2016Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2016
22 Eanáir 2014Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2014
2013APEC Indonesia 2013 (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileAngélica Rivera (2010–2019) Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
Páipéir Phanama
Enrique Peña Nieto conflict of interest scandal (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Síniú

Suíomh gréasáinenriquepenanieto.com
Facebook: EnriquePN Twitter: EPN Instagram: penanieto Cuir in eagar ar Wikidata

Polaiteoir Meicsiceach agus an 57ú uachtarán ar Mheicsiceo is ea Enrique Peña Nieto, a rugadh ar 20 Iúil 1966 in Atlacomulco i stát Mheicsiceo. D'oileadh mar dhlíodóir é. Bhí Peña Nieto ina Rúnaí Riaracháin do Stát Mheicsiceo sna blianta 2000-02, ina Ionadaí don 13ú Toghcheantar don stát sna blianta 2003-04, agus mar ghobharnóir ar an stát sna blianta 2005-11 sular toghaíodh é mar uachtarán.[1] Is ball é den Pháirtí Institiúideach Réabhlóideach (Spáinnis: Partido Institucional Revolucionario nó PRI).

Toghadh Peña Nieto mar uachtarán ar 1 Iúil 2012 le 39% de na vótaí. Agus é in oifig bhí an PRI i gcumhacht arís i ndiaidh bearna 12 bliain.[2] Ghlac na mílte daoine páirt in agóidí i gcoinne Nieto, go háirithe baill den ghluaiseacht mac léinn úd, #YoSoy132.[3][4]

Thosaigh Peña Nieto a théarma le moladh ó 50% de lucht na tíre ach le titim luach an peso agus fás mall sa gheilleagar thit an figiúr sin go 35% faoin mbliain 2015. I measc na gconspóidí a bhí le feiceáil le linn a uachtaránachta tá éalú Joaquin "El Chapo" Guzman, "tiarna drugaí", as Príosún Altiplano i 2015, agus líomhaintí gur bradaíl a bhí ina théis sa scoil dlí. Lochtaíodh é go dian as an mbealach ar chuir sé aghaidh ar fhuadach agus dúnmharú na 43 mac léinn in Iguala, Guerrero, sa bhliain 2014. De réir Reforma, nuachtán Meicsiceach, bhí ráta molta 23% faoi mhí Lúnasa, 2016.[5] 12% ar a shon a fuarthas ar 19 Eanáir, 2017.[6] Cé gur bhuail sé le Trump sula ndeachaigh Trump in oifig, ar 26 Eanáir 2017, dhiúltaigh Peña Nieto bualadh le leis an Uachtarán Trump i ndiaidh a ndúirt t-uachtarán nua Meiriceánach faoi thógáil bhalla ar an teorainn idir an dá thír agus éileamh Trump go n-íocfadh Meicsiceo as an mballa.[7]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]