Jump to content

Enid Blyton

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaEnid Blyton

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Enid Mary Blyton Cuir in eagar ar Wikidata
11 Lúnasa 1897
Dulwich Thoir, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás28 Samhain 1968
71 bliana d'aois
Hampstead, England Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Galar Alzheimer)
Áit adhlacthaCréamatóiriam Golders Green Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síArdscoil Ipswich Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Réimse oibreFilíocht, oideolaíocht, gníomhaíocht liteartha, litríocht scolártha agus litríocht do pháistí
Gairmscríbhneoir, scríbhneoir litríocht pháistí, scríbhneoir scripte, múinteoir scoile, úrscéalaí, file, múinteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1922 –  28 Samhain 1968
SeánraLitríocht do pháistí
Ainm cleiteEnid Blyton Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileHugh Alexander Pollock (1924–1943)
Kenneth Fraser Darrell Waters (1943–1967), bás a c(h)éile Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteGillian Baverstock
 ( Hugh Alexander Pollock)
Imogen Smallwood
 ( Hugh Alexander Pollock) Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinenidblytonsociety.co.uk Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0090067 Allocine: 128899 Allmovie: p315999
Musicbrainz: 8060e859-1f5d-4912-a998-9f7aacc0d448 Discogs: 431056 Allmusic: mn0001531828 Find a Grave: 6821180 Cuir in eagar ar Wikidata

Scríbhneoir úrscéalta do pháistí ó Shasana a bhí in Enid Mary Blyton, a rugadh ar an 11 Lúnasa 1897 i Londain agus a fuair bás ar an 28 Samhain 1968 sa chathair chéanna.[1] Tá clú agus cáil ar a cuid scéalta ar fud an domhain, agus iad aistrithe gona lán teangacha.

I Sasana féin, is dócha gurb iad na scéalta faoi Noddy is mó a léitear inniu - scéalta do pháistí óga iad. Thairis sin, áfach, bhreac sí síos trí shraith úrscéalta bleachtaireachta faoi dhéagóirí óga: an "Mórsheisear Rúnda" nó The Secret Seven, an "Cúigear Clúiteach" nó The Famous Five, agus an "Cúigear Aimsitheoirí agus a Madra", nó The Five Find-Outers and a Dog.

Tháinig Enid Blyton chun saoil ar an 11 Lúnasa 1897 in Dulwich Thiar, Londain. Bhí sí ar an duine is sine clainne dár rugadh do Thomas Carey Blyton agus Theresa Mary Harrison Blyton. Díoltóir sceanra a bhí san athair. I ndiaidh don teaghlach aistriú go Beckenham, an bruachbhaile in aice le Dulwich Thiar, saolaíodh beirt deartháireacha, mar atá, Hanly agus Carey Blyton.

Sna blianta ó 1907 go 1915, bhí Enid Blyton ag freastal ar St. Christopher's School i mBeckenham, agus tríd is tríd dhearscnaigh sí thar na daltaí eile. Bhain sí sult as na lúthchleasa freisin, ach ní raibh mórán suime aici sa mhatamaitic. Bhí sí ina pianódóir maith, ach nuair a bhain sí amach dintiúir na máistreása scoile in Ipswich High School, d'éirigh sí as a cuid ceoltóireachta.

Chaith sí cúig bliana ag múinteoireacht i mBickley, i Surbiton agus i Chessington, agus í ag dul le scríbhneoireacht mar chaitheamh aimsire. An chéad leabhar a d'fhoilsigh sí, mar atá, Child Whispers, ba díolaim dánta í, agus tháinig sí i gcló sa bhliain 1922.

Beaconsfield inniu, le Noddy

Ar an 29 Lúnasa 1924 phós Enid Blyton an Maor Airm Hugh Alexander Pollock. Bhí Pollock ag obair ina eagarthóir leabhar don teach foilsitheoireachta úd George Newnes, a chuir i gcló dhá leabhar le Blyton sa bhliain sin. Shocraigh an lánúin síos in Buckinghamshire. Ní ba déanaí, d'aistrigh siad go Beaconsfield. An iris úd Sunny Stories a bhí á foilsiú ag comhlacht Newnes, chóirigh sí comórtas do lucht adhartha Blyton le hainm a cheapadh do theach na lánúine i mBeaconsfield, agus is é an t-ainm a fuair an áit ná Green Hedges.

Rugadh beirt iníonacha don lánúin sna tríochaidí, mar atá, Mary Baverstock agus Imogen Smallwood. Sna tríochaidí freisin a chuaigh Enid Blyton trí ghéarchéim spioradálta agus í ar tí dul le Caitliceachas. Sa deireadh thiar thall níor athraigh sí creideamh, ó bhí sé barúlach go raibh an eaglais Chaitliceach ródhian agus na rialacha go léir aici. D'fhéach sí chuige gur baisteadh an bheirt iníonacha ina nAnglacánaigh agus gur fhreastail siad ar an scoil Domhnaigh.

seilf leabhar

I ndiaidh a báis sa bhliain 1968, d'fhoilsigh a hiníon Imogen leabhar dírbheathaisnéise faoin teideal A Childhood of Green Hedges, agus is é an cur síos a thug sí ar a máthair ná nach raibh sí cobhsaí ina cuid mothúchán, agus go raibh mailíseach go leor mar dhuine.

Faoin mbliain 1939 bhí an pósadh ar Pollock ag teip uirthi, agus bhí cumainn ghrá nó ghnéis aici le fir eile. Sa bhliain 1941 casadh an máinlia Kenneth Fraser Darrell Waters uirthi. Fuair sí í féin chomh dúnta i ngrá le Waters gur chinn sí ar colscaradh a fháil ó Pollock.

"Old Thatch", Bourne End, Buckinghamshire, 1929–38

Chuir sí brú ar Pollock an milleán go léir a ghlacadh air féin, agus bhí cáil ar an adhaltranas a bhí déanta aici féin, bheadh a cosa nite. I ndiaidh an cholscartha, áfach, d'fhéach Enid Blyton chuige nach bhfaigheadh Pollock obair sa ghnó foilsitheoireachta arís, agus ní cheadódh sí dó teagmháil ar bith a choinneáil leis na hiníonacha. Dá dheasca seo, chuaigh Pollock ar an drabhlás ar fad ag craosaireacht óil.

Phós Enid Blyton agus Kenneth Darrell Waters ar an 20 Deireadh Fómhair 1943, agus d'athraigh sí sloinne na n-iníonacha féin ó Pollock go Darrell Waters. D'éirigh an dara pósadh léi go maith, agus í breá sásta leis an ról a bhí aici mar bhean chéile ag dochtúir leighis.

Fuair Kenneth Darrell Waters bás sa bhliain 1967. Sna míonna ina dhiaidh sin, chuaigh Enid Blyton sa dara leanbaíocht, is é sin, buaileadh breoite le galar Alzheimer í. Chaith sí an trí mhí dheireanacha dá saol i dteach altranais Greenways i Londain, agus b'ansin a shíothlaigh sí ar an 28 Samhain 1968. Créamadh í i gCréamatóiriam Golders Green, agus is ansin atá a luaithreach i dtaisce i gcónaí.

Aistriúcháin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Aistríodh gearrleagan de The Secret Mountain go Gaeilge faoin teideal Eachtra san Afraic. Tomás Mac Aodha Bhuí a chuir Gaeilge ar an leabhar.

  1. Ray, Sheila (Deireadh Fómhair 2005). "Blyton, Enid Mary (1897–1968)". Oxford Dictionary of National Biography. Oxford University Press.