Jump to content

Empusium

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharEmpusium
(pl) Empuzjon
(en) The Empusium Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálsaothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarOlga Tokarczuk Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Pholainnis Cuir in eagar ar Wikidata
Foilseachán2022 Cuir in eagar ar Wikidata
Seánraúrscéal Cuir in eagar ar Wikidata
Goodreads work: 204316857

Úrscéal de chuid Olga Tokarczuk is ea Empusium foilsithe ar an gcéad lá de Mheithimh 2022 i bPolainnis agus in aistriúchán Béarla sa bhliain 2024. Is é an chéad úrscéal óna peann ó bhain sí an Duais Nobel don litríocht, ocht mbliana ó shin.

Sa bhliain 1913 i sanatóir in Göbersdorf sa Basse-Silésie a thiteann amach eachtraí an scéil. Shroiceann Mieczyslaw Wojnics, ábhar innealtóireachta, an áit ar oíche fhuar de mhí Meán Fómhair, le biseach a fháil ar an ngalar eitinn atá sé ag fulaingt leis, san aer foláin agus blaiseadh den shaol réchúiseach sláintiúil ann. Fuair sé lóistín i dteach na bfhear, a bhí á bhainistiú ag Wilhelm Opitz. Bhí meascán mearaí de othar ann idir Longis Lukas ollamh agus caitileacach cráfach, August Ausgust, sóisialach agus ollamh le na claisicigh agus mac léinn i ndámh na healaíne Thilo von Hahn. Fir éagsúla ó thaobh gairm, creidimh, polataíocht agus cultúr iad. Déanann siad plé ar chúrsaí an tsaoil go háirithe nádúr na mban agus na Tuntschi, neachanna neamhshaolta, lonnaithe sna sléibhte máguaird, a bhíonn ag iarriadh íobart de ógánach chuile bhliain. Ba é an nós ná fear óg a bhí ag fáil bháis den eitinn a thabhairt ar lámh nuair ba ghá. Tagann crú ar an tairne ag an deireadh ag oíche na híobairte don bhliain sin.

Tá an scéal bunaithe ar shlí aicint ar An Sliabh Draíóchta le Thomas Mann.

Is áis é an scéal chun dearcadh na húdar claisicigh mór le rádh i leith na mban agus an claonadh ina naghaidh atá mar bhunús ár sibhialtacht a chur ós ár gcomhar agus chun é seo a léiriú, tá sliochtanna luaite ó na húdar seo a leanas: Augustin d’Hippone, William S. Burroughs, Caton l’Ancien, Bernard de Cluny, Joseph Conrad, Charles Darwin, Emile Durkheim, Henry Fielding, Sigmund Freud, Henry Rider Haggard, Hésiode, Jack Kerouac, David Hebert Lawrence, Cesare Lombroso, William Somerset Maugham, John Milton, Friedrich Nietzsche, Ovide, Platon, Ezra Pound, Jean Racine, François de La Rochefoucauld, Jean-Paul Sartre, Arthur Schopenhauer, Sémonide d’Amorgos, William Shakespeare, August Strindberg, Jonathan Swift, Algernon Charles Swinburne, Tertullien, Thomas d’Aquin, Richard Wagner, John Webster, Frank Wedekind, Otto Weininger, William Butler Yeats.