Jump to content

Emma Morano

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaEmma Morano

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(it) Emma Martina Luigia Morano Cuir in eagar ar Wikidata
29 Samhain 1899
Civiasco, An Iodáil Cuir in eagar ar Wikidata
Bás15 Aibreán 2017
117 bliana d'aois
Verbania, An Iodáil Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheVerbania
Teanga dhúchaisan Iodáilis
Gníomhaíocht
Gairmtáilliúir, cócaire, duine in aois a chéid Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Iodáilis
Teaghlach
CéileGiovanni Martinuzzi Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas


Facebook: emmamorano1899 Find a Grave: 178630450 Cuir in eagar ar Wikidata

D’éirigh Emma Martina Luigia Morano (29 Samhain 1899 – 15 Aibreán 2017) an duine is sine ar domhan nuair a d’éag Susannah Mushatt Jones ar an 12 Bealtaine 2016.

Rugadh í ar 29 Samhain 1899 i Civiasco in iarthuaisceart na hIodáile. Ba í an tIodálach is aosta i gcuntas agus an cheathrú Eorpach is sine riamh.[1]

Ba í an páiste is sine as ochtar agus mhair a dheirfiúr, Angela Morano (1908-2011) go dtí 102 bliana d'aois.

Nuair a bhí sí ina pháiste, bhog sí ón Ghleann Sesia go dtí Ossola mar gheall air phost a hathair, ach bhí an aeráid chomh míshláintiúil sin, gur mhol dochtúir a chlann a bhogadh áit éigin le haimsir níos measartha. Bhog a chlann go dtí Pallanza ar Loch Maggiore, áit inar fhan sí ar fhad a saol.[2]

Phós sí Giovanni Martinuzzi (1901-1978) i nDeireadh Fómhair sa bhliain 1926. Rug an t-aon pháiste a raibh acu sa bhliain 1937 ach fuair sé bás nuair a bhí sé 6 mhí d'aois. Scar Emma agus Giovanni sa bhliain 1938.

D'oibrigh sí i monarcha siúit darbh ainm Maoini Industry ina baile dúchais. Ina dhiaidh sin, d'oibrigh sí i gcistin i scoil chónaithe darbh ainm Colegio Santa Maria go dtí go ndeachaigh sí ar scor nuair a bhí sí 75 bliana d'aois.[1]

Nuair a chuireadh ceist uirthi maidir le rún a fadshaoil sa bhliain 2013, d'fhreagair sí gur ith sí trí ubh gach lá, píosa seacláide anois is arís, d'ól sí gloine grappa ó uair go chéile agus ar a bharr sin, smaoinigh sí faoina todhchaí go dearfach. Bhí sí go fóill ina chónaí go neamhspleách léi féin ag aois 115.

Ar an 29ú Iúil 2016, fuair sí teastas ó Churiarrachtaí Domhanda Guinness mar aitheantas as a bheith an duine is sine ar dhomhan.

Fuair sí bás ag a teachsa i Verbania san Iodáil ar an 15ú hAibreán 2017 agus bhí sí 117 bliana d'aois.

  1. 1 2 Anthony Colangelo (17/05/2016). "Longevity tips from the world’s oldest person".
  2. ↑ Bernard Jeune agus Michel Poulain (10ú Nollag 2020). "Chapter 18: Emma Morano – 117 Years and 137 Days". Exceptional Lifespans 1 (1).