Emil Nolde
Ba phéintéir agus déantóir priontaí Gearmánach é Emil Nolde (rugadh Hans Emil Hansen ar an 7 Lúnasa 1867 – 13 Aibreán 1956).Bhí sé ar dhuine de na chéad eispriseanaithe, ball de Die Brücke, agus bhí sé ar dhuine de na chéad phéintéirí ola agus uiscedhath i dtús an 20ú haois a rinne iniúchadh ar dhath. Tá cáil air as a obair scuaibe agus a rogha eispriseach dathanna.Bíonn buí órga agus dearg dorcha le feiceáil go minic ina chuid oibre, rud a thugann cáilíocht lonrúil do na toin dhorcha murach sin. I measc a chuid uiscedhathanna beoga, stoirmdhreacha ag tórmach agus bláthanna gléigeala.
Léirigh an dianbhuaireamh a bhí ag Nolde in ealaín Vincent van Gogh an spéis mhór a bhí aige le hábhar na mbláthanna.
Cé gur cuireadh a chuid ealaíne san áireamh i dtaispeántas sa bhliain 1937, ba bhall den Pháirtí Naitsíoch é Nolde, le tuairimí ciníocha agus frith-Sheimíteacha, agus ba thacadóir dílis é de chuid na Gearmáine Naitsíoch.
Luathshaol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Emil Nolde mar Hans Emil Hansen, in aice le sráidbhaile Nolde (cuid de bhardas Burkal i nDeisceart na hIútlainne, sa Danmhairg ó 1920), i nDiúcacht Schleswig na Prúise. D'fhás sé aníos ar fheirm.Ba thuathánaigh Danmhargacha agus Freaslannacha a thuismitheoirí; Protastúnaigh dhíograiseacha. Thuig sé nach raibh sé oiriúnach don saol feirme, agus nach raibh sé féin agus a thriúr deartháireacha cosúil ar chor ar bith.
Idir 1884 agus 1891, rinne sé staidéar le bheith ina shnoíodóir adhmaid agus ina mhaisitheoir i Flensburg, agus d’oibrigh sé i monarchana troscáin mar dhuine óg. Chaith sé a bhlianta ag taisteal i München, Karlsruhe agus Beirlín.Sa bhliain 1889, fuair sé cead isteach i Scoil na nEalaíon Feidhmeach i Karlsruhe.[1] Bhí sé ina theagascóir líníochta i scoil Mhúsaem na nEalaíon Tionsclaíoch agus Feidhmeach (Industrie- und Gewerbemuseum ; an Textilmuseum, nó Músaem Teicstílí inniu) i St. Gallen, san Eilvéis, ó 1892 go 1898. D’fhág sé an post seo sa deireadh chun a aislingí a bhaint amach, is é sin a bheith ina ealaíontóir neamhspleách.
Mórthaispeántais-Emil Nolde
[cuir in eagar | athraigh foinse]"In 1964, reáchtáil an tAcadamh Ibeirneach Ríoga (RHA) i mBaile Átha Cliath taispeántas d’obair Nolde dar teideal ‘Urban (Uirbeach) 405’. I nGailearaí Whitechapel i Londain(1995-96) a bhí an mórthaispeántas deiridh sa Ríocht Aontaithe. Bhí mór-iardhearcadh ag an Musaem Städel, Frankfurt in 2014, agus cuireadh an taispeántas is mó d’obair Nolde, lasmuigh den Ghearmáin, ar taispeáint sa Belvedere i Vín in 2013 ina raibh thart ar 170 dá shaothar ar iasacht ann. Tharla taispeántais eile dá chuid oibre i bPáras (2008-9) Osló (2012) agus sa tSualainn (2015)."[2]
Gairmréim
[cuir in eagar | athraigh foinse]Agus é ina pháiste, bhí dúil mhór aige don phéintéireacht agus don líníocht; áfach, bhí sé 31 bliain d'aois cheana féin faoin am ar thug sé faoin ngairm nua seo. Nuair a dhiúltaigh Acadamh na Mínealaíon i München dó sa bhliain 1898, chaith sé na trí bliana ina dhiaidh sin ag glacadh ranganna péintéireachta príobháideacha, ag tabhairt cuairte ar Pháras, agus ag foghlaim faoin saol impriseanaíoch comhaimseartha a bhí tóir air ag an am sin. Phós sé an t-aisteoir Danmhargach Ada Vilstrup i 1902, agus bhog sé go Beirlín, áit ar bhuail sé leis an mbailitheoir Gustav Schiefler agus leis an ealaíontóir Karl Schmidt-Rottluff, agus mhol an bheirt acu a chuid oibre níos déanaí ina shaol. Ón mbliain sin ar aghaidh, d'ainmnigh sé é féin i ndiaidh a áit bhreithe.
Ghlac sé ballraíocht sa ghrúpa réabhlóideach eispriseanaíoc Die Brücke (An Droichead), i nDresden, sa bhliain 1906, ar chuireadh ón ngrúpa. Níor mhair an caidreamh seo ach go dtí deireadh na bliana dár gcionn.[3] Bhí sé ina bhall de Berliner Secession ó 1908 go 1910, ach caitheadh amach as an ghluaiseacht é ansin mar gheall ar easaontas leis an gceannaireacht.[3] I mBeirlín, bhí tionchar mór ag bailiúcháin an Völkerkundemuseum san áit ar a dtugtaí Königgrätzer Straße ag an am ar Nolde, áit ar thug sé cuairt arís agus arís eile agus áit ar rinne sé breis is 120 líníocht de thaispeántais ón Domhand Theas. Mar thoradh ar a chuid staidéir, bhí saothair ar nós Mann, Frau und Katze (1912) gan ach beagán athraithe, ina léirigh Nolde ríchathaoir an Rí Njoya “Mandu Yenu”, a tháinig go dtí an Ghearmáin ó Camarún faoi chúinsí conspóideacha Thaispeáin sé le grúpa Wassily Kandinsky, Der Blaue Reiter (An Marcach Gorm), a bhí lonnaithe i München sa bhliain 1912; faoin am seo bhí roinnt clú agus cáil bainte amach aige, agus bhí sé in ann é féin a chothú trína ealaín.[4]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “Emil Nolde – Biography and Offers – Buy and Sell”. www.kettererkunst.com. Dáta rochtana: 1 December 2019.
- ↑ https://www.nationalgallery.ie/ Preaseisiuint-1512018
- ↑ 3.0 3.1 Reuther, Manfred, "Nolde, Emil"(de). In:'Neue Deutsche Biographie 19 (1999), p.328-330 [online version].
- ↑ Peters, Olaf."Emil Nolde".In: Renee Price (Ed.), New Worlds: German and Austrian Art, 1890–1940. New Haven and London: Yale University Press, 2001.ISBN 978-0-300-09446-6.[lch de dhíth]
- Ailt Vicipéide óna dteastaíonn lua uimhreacha leathanaigh from September 2016
- Básanna i 1956
- Daoine a rugadh i 1867
- Daoine as Bardas Aabenraa
- Daoine as Cúige Schleswig-Holstein
- Péintéirí eispéireasaca Gearmánacha
- Gearmánaigh de shliocht na Danmhairge
- Péintéirí nua-aimseartha na Gearmáine
- Péintéirí Gearmánacha ón 19ú haois
- Ealaíontóirí na Gearmáine sa 19ú haois
- Péintéirí Gearmánacha
- Péintéirí Gearmánacha ón 20ú haois
- Baill Pháirtí na Naitsithe