Elizabeth Ann Seton
Jump to navigation
Jump to search
Bunaitheoir Shiúracha na Carthanachta agus naomh Caitliceach is ea Elizabeth Ann Bayley Seton (28 Lúnasa 1774 – 4 Eanáir 1821). Rugadh í i gCathair Nua-Eabhrac. Bhunaigh Seton an chéad ord Caitliceach i Meiriceá, mar atá, Siúracha na Carthanachta.
Ise a chuir an chéad scoil Chaitliceach do chailíní ar bun, in Emmitsburg, Maryland. Tá Ollscoil Seton Hall, in South Orange, New Jersey, ainmnithe ina diaidh.
Bronnadh stádas naoimh uirthi san Eaglais Chaitliceach Rómhánach ar 14 Meán Fómhair 1975, an chéad naomh Caitliceach a rugadh i Meiriceá Thuaidh.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |