Jump to content

Ekrem İmamoğlu

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaEkrem İmamoğlu

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith3 Meitheamh 1971
53 bliana d'aois
Cevizli, An Tuirc Cuir in eagar ar Wikidata
Méara Iostanbúl
3 Aibreán 2024 – 23 Márta 2025 (arrest of Ekrem İmamoğlu (en) Aistrigh)
← Ekrem İmamoğluNuri Aslan (en) Aistrigh →
Méara Iostanbúl
27 Meitheamh 2019 – 3 Aibreán 2024
← Ali YerlikayaEkrem İmamoğlu →
Méara Iostanbúl
17 Aibreán 2019 – 6 Bealtaine 2019 (June 2019 Istanbul mayoral election (en) Aistrigh)
← Mevlüt UysalAli Yerlikaya →
Mayor of Beylikdüzü (en) Aistrigh
3 Aibreán 2014 – 9 Aibreán 2019 – Mehmet Murat Çalık →
Faisnéis phearsanta
Idé-eolaíocht pholaitíochtaKemalism (en) Aistrigh
ReiligiúnIoslam
Scoil a d'fhreastail sé/síİstanbul University School of Business (en) Aistrigh
Trabzon Science High School (en) Aistrigh
Girne American University (en) Aistrigh
Istanbul University Institute of Social Sciences (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheBeylikdüzü
Rumelihisarı
Teanga dhúchaisan Tuircis
LámhcheannasDeasógacht
Dath súileDonn
Dathán gruaigeGruaig dhubh
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Iostanbúl Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, duine den lucht gnó, forbróir eastáit réadaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Poblachtánach an Phobail (2008–)
Motherland Party (en) Aistrigh (1992–1992) Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Tuircis agus Béarla
Teaghlach
CéileDilek İmamoğlu (1995–) Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
19 Márta 2025arrest of Ekrem İmamoğlu (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Síniú

Suíomh gréasáinekremimamoglu.com Cuir in eagar ar Wikidata

Facebook: imamogluekrem X: ekrem_imamoglu Instagram: ekremimamoglu Telegram: e_imamoglu Youtube: UCT0byua4qIz2wtrmnXoPK6w TikTok: ekrem.imamoglu Twitch: ekremimamoglu Cuir in eagar ar Wikidata

Is polaiteoir Turcach, fear gnó, agus forbróir eastát réadach é Ekrem İmamoğlu a bhí ina 32ú Méara ar Iostanbúl agus an t-iarrthóir uachtaránachta den Cumhuriyet Halk Partiside (CHP) (Gaeilge: Páirtí Poblachtach an Phobail) i dtoghcháin uachtaránachta na Tuirce, atá ar tí tarlú.[1] Toghadh é den chéad uair le 4.1 milliún vóta agus bhuaigh sé leis an bhfarasbarr 13,000 vóta i gcoinne a chéile comhraic ón Adalet ve Kalkınma Partisi (PARTİ) (Gaeilge: Páirtí um Ceartas agus Forbairt) i dtoghchán an Mhárta 2019. Rith sé do Millet İttifakı (Gaeilge: Comhghullaíocht an Náisiúin), comhghuaillíocht toghcháin agus pholaitiúil sa Tuirc, atá comhdhéanta de dhá pháirtí freasúra, an CHP agus an İYİ Parti (Gaeilge: an Páirtí Maith). Ní dhearna sé seirbhís ach amháin ón 17 Aibreán 2019 go dtí an 6 Bealtaine 2019, nuair a cuireadh an toghchán ar neamhní. Atoghadh ansin é i dtoghchán athnuaite an 23 Meitheamh 2019 le farasbarr níos mó fós de 800,000 vóta. Sa bhliain 2024, rith sé don oifig arís i dtoghchán an Méara in Iostanbúl, inar bhuaigh sé trí thromlach de thart ar 50 faoin gcéad, rud a bhain téarma cúig bliana eile amach dó.[2] Roimhe sin bhí sé ina Mhéara ar Beylikdüzü, ceantar in iarthar Iostanbúl, idir 2014 agus 2019.[3]

Ar an 19 Márta 2025, ghabh Póilíní na Tuirce İmamoğlu ar chúiseanna a bhain le caimiléireacht líomhnaithe in éineacht le níos mó ná 100 daoine.[4][5][6][7] Cuireadh ina leith freisin gur chuidigh sé le Páirtí Oibrithe na Cordastáine.[8] Ar an 18 Márta 2025, d'fhogair Ollscoil Istanbul go raibh cáilíocht İmamoğlu neamhbhailí, ag lua mírialtachtaí, rud a chuireann cosc air a bheith ina iarrthóir don uachtaránacht.[9] Tháinig an cinneadh seo díreach laethanta sular socraíodh go n-ainmneodh an freasúra é mar iarrthóir uachtaránachta do thoghchán 2028.[9][10]

Tar éis a ghabhála, thug páirtí İmamoğlu, an CHP, "coup sibhialta" air agus d'iarr sé agóidí ar fud na tíre. Ina dhiaidh sin, chuir gobharnóir Iostanbúl, Davut Gül, cosc ceithre lá ar agóidí sa chathair.[11][12] In ainneoin na srianta, bhailigh lucht agóide lasmuigh de Bhardas Şişli agus bhí manaí acu ag tacú le hİmamoğlu.[13][14]