Jump to content

Eitneanáidúnachas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is sruth de chuid an náisiúnachais é eitneanáidúnachas a shainítear leis an éileamh atá ag baill d’eitneachas ar cheannasacht iomlán ar a gcuid gnóthaí polaitiúla, sóisialta agus eacnamaíochta féin. Sa chiall sin, is ionann eitneanáidúnachas agus iarracht eitneachais a mheasann í féin mar náisiún stát dá cuid féin a bhaint amach.

Is minic a úsáidtear an téarma go háirithe i leith gluaiseachtaí eitneanáidúnacha gan stát. Bíonn na gluaiseachtaí seo bunaithe ar an tuiscint i measc bhaill na heitne nach mbíonn leasanna a ngrúpa ionadaithe go cuí sa chás polaitiúil atá i bhfeidhm ag an am.

Sa chiall níos leithne den téarma, a chuireann béim ar an gcomhréir idir náisiún agus stát, agus a chuimsíonn tagairt do náisiúin-stáit atá ann cheana féin, úsáidtear eitneanáidúnachas mar chomhchiall le náisiúnachas i gcoitinne.[1]

  1. Daniele Conversi: Conceptualizing nationalism: an introduction to Walker Connor’s work. In: Daniele Conversi (eag.): Ethnonationalism in the contemporary world: Walker Connor and the study of nationalism. Routledge, Londain, 2002, ISBN 978-0-415-26373-3, lch. 2.