Eitilt Ryanair 4978 (fuadach 2021)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
eitilt Ryanair 4978, a bhí ar a slí ó Athens go dtí Vilnius,

Ar 23 Bealtaine 2021, d'ordaíodh do eitilt Ryanair 4978, a bhí ar a slí ó Athens go dtí Vilnius, tuirlingt i Mionsc na Bealarúise, tráth gur gabhadh gníomhaí de chuid an fhreasúrsa ó Bhéalarúis.[1][2]

d'idircheap MiG-29, eitleán troda, eitilt Ryanair 4978

Imeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an t-eitleán ar a bhealach ón Ghréig go dtí an Liotuáin nuair a hordaíodh don phíolóta tuirlingt i Minsk, ionas go bhféadfadh údaráis na tíre sin iriseoir a bhí ar an eitilt a ghabháil. Dúradh leis an bpíolóta go raibh buama ar an eitleán. D'idircheap MiG-29, eitleán troda de chuid na Bealarúise, eitilt Ryanair 4978.

Tá sé de cháil ar an iriseoir - agus gníomhaí - a bhí i gceist, Roman Protasevich, a rugadh sa bhliain 1994, a bheith cáinteach faoin mbealach a bhfuil an Bhealarúis á rialú ag an deachtóir Alexander Lukashenko.[3]

Bhí sé ráite ag an Bhealarúis gur ag gníomhú ar mhaithe le heitleán Ryanair a bhí sé mar go raibh bagairt faoi bhuama ar bord. Deimhníodh níos déanaí nach raibh aon bhunús leis an rabhadh sin.[4] Dúirt an Bhealarúis níos déanaí nár thug sé aon "ordú" don eitleán tuirlingt, ach gur "threoraigh" an fhoireann ag Aerfort Minsk an t-eitleán anuas go sábháilte.

Tuirlingt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a thuirling eitilt Ryanair 4978 i Mionsc, ghabh údaráis na Bealarúise Roman Protasevich, 26 bliain, agus a chéile Sofia Sapega. Baill de ghrúpa freasúra ba ea an bheirt. Bhí Protasevich ina chonaí sa Liotuáin ag an am. Tá sé á choiméad ag na húdaráis sa Bhealarúis ó shin.

Bhíothas sa tóir ar Roman Protasevich ó bhí agóidí sráide ann sa bhliain 2020 i ndiaidh toghchán na huachtaránachta inar toghadh Lukashenko aon uair amháin eile ina Uachtarán.

Dúirt údaráis na Bealarúise gur ghníomhaigh siad go dleathach ina leith seo, agus gur ar bhunús polaitiúil atá tíortha an Iarthair i mbun cáinte. Dúirt na húdárais go raibh scéala faighte acu go raibh buama ar an eitleán ach deimhníodh ina dhiaidh sin nach raibh aon fhírinne sa mhaíomh sin agus gur leithscéal a bhí ann le duine de na paisinéirí a ghabháil.[5]

Taispeánadh físeán de Roman Protasevich ar an teilifís sa Bhealarúis ar 3 Meitheamh inar mhaígh sé go raibh baint aige le hagóidí a eagrú tar éis an toghcháin sa tír sa bhliain 2020. Ach deir a lucht tacaíochta agus a thuismitheoirí go gcreideann siad go raibh céasadh déanta air agus ar Sofia Sapega.[5]

Cáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí cáineadh san Iarthar déanta ar an eachtra. Ar dtús, bhí achainí déanta ag an Liotuáin ar an Aontas Eorpach agus ar ECAT freagra a thabhairt.[1]

Lorg an Ghearmáin míniú ar bhonn láithreach. Dúirt Príomhaire na Polainne gur gníomh sceimhlitheoireachta a bhí ann.

Dúirt ceannaire an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen nach féidir glacadh beag ná mór leis an méid atá déanta ag an Bhealarúis. D'iarr ceannasaí pholasaí gnóthaí eachtracha an Aontais Eorpaigh, Joseph Borrell, go ndeanfaí fiosrúchán idirnáisiúnta faoin mbealach ar cuireadh iachall ar Eitilt 4798 tuirlingt sa Bhealarúis

Dúirt an Taoiseach, Micheál Martin, gur 'ghníomh comhéigneach státurraithe' a bhí i ngach ar tharla inné 'agus 'nach bhféadfaí glacadh leis'. Dúirt Aire Gnóthaí Eachtracha na hÉireann, Simon Coveney go raibh ana imní air faoi na tuairiscí gur cuireadh iallach ar eitilt de chuid Ryair tuirlingt i Mionsc i ndiaidh gur cuireadh an t-eitleán ar mhalairt slí ar ordú ó Uachtarán na Bealarúise.[1] 'Bradaíl le tacaíocht an stáit' a thug a Simon Coveney ar an eachtra. Bhí sé ráite fiú ag an bhfeisire Eorpach,Sean Kelly gur 'gníomh cogaidh' a bhí san eachtra.

Bearta díoltais[cuir in eagar | athraigh foinse]

An lá dár gcionn, 24 Bealtaine, chuir an tAontas Eorpach (AE) tuilleadh smachtbhannaí i bhfeidhm ar an Bhealarúis. Ní raibh cead ag aon eitleán a fhágann aerspás an AE eitilt os cionn na Bealarúise, agus ní raibh cead ag Belavia, aerlíne na Bealarúise, tuirlingt in aon aerfort de chuid an AE.

Ar 5 Meitheamh, tháinig cosc eile i bhfeidhm san Aontas Eorpach ar aerlínte de chuid na Bealarúise ag eitilt trí aerspás an Aontais Eorpaigh agus ar aerlínte Eorpacha ag eitilt trí aerspás na Bealarúise. Ní raibh sé ceadaithe do na heitleáin tuirlingt in aerfoirt a chéile ach an oiread.[5]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 Nuacht RTE (2021-05-23). "Gníomhaí a bhí ar eitilt Ryanair anois á choinneáil sa Bhealarúis" (in ga). 
  2. Arman Sarvarian agus Kanstantsin Dzehtsiarou (2021). "Belarus kidnapping: what international law says about capture of dissident journalist Roman Protasevich [The Conversation]" (en). Agus iad ag scríobh le haghaidh 𝙏𝙝𝙚 𝘾𝙤𝙣𝙫𝙚𝙧𝙨𝙖𝙩𝙞𝙤𝙣 𝙐𝙆, bhreathnaigh Dzehtsiarou agus Sarvarian ar a bhfuil le rá ag an dlí idirnáisiúnta maidir leis an eitilt Ryanair a ndearnadh atreorú ag údaráis na Bealarúise uirthi. Dáta rochtana: 2021-06-04.
  3. Nuacht RTE (2021-05-24). "Alltacht léirithe go hidirnáisiúnta faoi ghníomh na Bealarúise" (in ga). 
  4. Nuacht RTE (2021-05-24). "Tuilleadh smachtbhannaí le bualadh ar Bhealarúis" (in ga). 
  5. 5.0 5.1 5.2 Nuacht RTÉ (2021-06-04). "Smachtbhannaí eitlíochta le cur i bhfeidhm ag an AE ar Bhealarúis" (in ga).