Eipiciogal

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard a bhí i gceist le heipiciogal ná sórt ciorcail chúnta a bhí in úsáid ag na réalteolaithe le gluaiseachtaí na bpláinéad a áireamh is a shoiléiriú sula raibh glacadh forleathan leis an héilealárnachas, is é sin leis an tuiscint gurb í an Ghrian lárphointe an ghrianchórais. Glacadh leis go raibh gach pláinéad ag dul timpeall ar phointe a bhí ag fithisiú an Domhain, agus ba é an t-eipiciogal fithis an phláinéid thart ar an bpointe sin. Ba é an ciorcal iompair fithis an phointe thart ar an Domhan. Le bheith beacht, níorbh é an Domhan lárphointe an chiorcal iompair ach an oiread — bhí an lárphointe sin, an t-éalárnán, suite taobh amuigh den Domhan.

Níor chuir teoiric héilealárnach Copernicus deireadh leis na heipiciogail, nó bhí Copernicus barúlach gur ciorcail fhoirfe a bhí i bhfithisí na bpláinéad, agus theastaigh eipiciogail bheaga uaidh féin leis na breathnuithe a chur in oiriúint don teoiric. Níor éirigh na réalteolaithe as na heipiciogail a úsáid ach amháin nuair a tuigeadh dóibh nach ciorcail a bhí sna fithisí ach éilipsí.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]