Eilean Iùbh
| Cineál | Oileán | |||
|---|---|---|---|---|
| Cuid de | Na hOileáin Laistigh | |||
| Suite laistigh de/ar ghné fhisiciúil | An Cuan Sgitheanach | |||
| Suíomh | ||||
| Limistéar riaracháin | Comhairle na Gàidhealtachd, Scotland | |||
| ||||
| Suite i nó in aice le limistéar uisce | Loch Ewe (en) | |||
| Tréithe | ||||
| Toisí | 1.1 ( | |||
| Achar | 309 ha | |||
Is oileán suite i gComhairle na Gàidhealtachd é Eilean Iúbh. Tá teaghlach amháin ina gcónaí ar an oileán, the Grants, a bhfuil cónaí orthu ag an Main House i ndeisceart an oileáin ó lár an 19ú haois.
Tá an t-oileán faoi úinéireacht phríobháideach ag J.I.H. Macdonald-Buchanan agus tá sé ar léas leis na Grants. Bhí níos mó teaghlach ar an oileán roimhe seo, ach d’imigh siad seo le linn an Dara Cogadh Domhanda, nuair a úsáideadh Loch Iùbh mar ancaireacht chabhlaigh thábhachtach. Chiallaigh suíomh iargúlta an oileáin go raibh ar na páistí turas fillte de thart ar 42 ciliméadar a fhulaingt gach lá ar bhád agus ar bhus chun freastal ar scoil.[1]
Brí an logainm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá dhá theoiric iomaíocha ann maidir le brí an logainm; d'fhéadfadh sé a bheith díorthaithe ón Sean-Ghaeilge eo (crann iúir), nó mar mhalairt air sin ó eubh (macalla), a léiríonn logainm ar an mórthír máguaird.
Tíreolaíocht agus geolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá Eilean Iúbh suite i Loch Iúbh, siar ó Allt Beithe i gceantar Ros agus Cromba sa Ghàidhealtachd. Tá an t-oileán comhdhéanta de dhá phríomhchineál gaineamhchloiche (Toirbheartanach le hithir aigéadach, sa tuaisceart,agus Peirmeach nó Triasach le hithir níos torthúla sa deisceart). Athraíonn an t-imeallbhord ó thránna duirlingí réidhe go haillte. Tá sé mar chuid de 'Limistéar Scéimhe Náisiúnta' Ros an Iar), ceann de 40 in Albain. [2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
- ↑ Haswell-Smith (2004) pp. 184–187
- ↑ "National Scenic Areas" Curtha i gcartlann 2017-03-11 ar an Wayback Machine. SNH. Retrieved 30 Mar 2011.
