Eilís Ní Cheallacháin
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1803 |
Bás | 31 Márta 1852 48/49 bliana d'aois |
Góchumadóir agus coirpeach ciontaithe ba ea Eilís Ní Cheallacháin (Béarla: Elizabeth Callaghan nó Eliza Thompson) (c. 1803 – 31 Márta 1852). Rugadh í i gContae an Chláir,[1], agus ní dóichí rud ná go raibh Gaeilge ó dhúchas aici dá bharr.[2] I mBéarla thugtaí Elizabeth Callaghan nó Eliza Thompson uirthi.
Cuireadh an loch amach ó Shasana í chun Van Diemen’s Land, áit ar phós sí John Batman, bunaitheoir Melbourne. Thóg sí clann, scar óna fear céile agus phós arís tar éis a bháis. Bean chumasach ba ea í a bhí ar na mná bána ba thúisce a chuir fúthu i bPort Phillip. Bhí sí in ann seiftiú di féin agus bhí léamh agus scríobh an Bhéarla aici. Fuair sí bás go hainnis.
Van Diemen’s Land
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhain Eilís Ní Cheallacháin Londain amach nuair a bhí sí seacht mbliana déag. Thaithigh sí droch-chomhluadar ann, agus daoradh í féin agus roinnt eile chun báis ar 13 Meán Fómhair 1820 as nótaí bréige a chur i gcúrsaíocht i dteach tábhairne. De bharr a hóige, áfach, athraíodh an breith báis go dtí pianbhreith ceithre bliana déag thar loch amach. Bhí sí ina daoránach ar bord Providence, long a d’fhág Sasana ar 13 Meitheamh 1821 agus a bhain amach Hobart in Van Diemen’s Land (an Tasmáin) ar 18 Nollaig 1821.[3] Dúirt an nóta ar a taifead “Bad”.[4]
Tugadh í mar shearbhónta do John Peshey, coimeádaí phríosún Hobart. Cuireadh ina leith go raibh sí “drunk and disorderly” agus gur éalaigh sí cúpla uair. Tugadh í ansin do P.A. Mulgrave, ceannfort póilíneachta, sa bhliain 1823(?). D’éalaigh sí arís sa bhliain 1825 agus dúradh go raibh sí ag fanacht ag teach John Batman, coilíneach treallúsach a bhí ina grásaeir in Kingston agus ina bhall de Chompántas Port Phillip, dream ar mhian leo cur fúthu ar an mór-roinn lastall de Chaolas Bass. Thug searbhónta darbh ainm George Paton tuairisc uirthi mar a leanas:
- I saw a Person which I believed to be a Female standing inside my Master’s House she was dressed in a white Gown she had black Hair her complexion was pale and her face appeared to be pitted with small Pox, she had no Cap on.[5]
Tugadh do Batman mar shearbhónta í faoi dheireadh agus rugadh beirt pháistí dóibh. Phós siad ar 29 March 1928 agus thugtaí Elizabeth Batman uirthi ina dhiaidh sin.
Port Phillip
[cuir in eagar | athraigh foinse]Faoin mbliain 1835 bhí bun déanta aici féin agus ag a fear céile i bPort Phillip (Melbourne) agus thóg siad a gclann ann:
Maria Batman (rugadh ar 5 Meán Fómhair 1824),
- Lucy Batman (rugadh ar 11 Nollaig 1826),
- Eliza Batman (rugadh ar 1 Samhain 1827),
- Elizabeth Mary Batman (rugadh ar 25 Meán Fómhair 1829),
- Ellen Gray Batman (rugadh ar 10 Aibreán 1831),
- Adelaide Batman (rugadh ar 1833),
- Pelonamena Franc Darling Batman (rugadh ar 11 Iúil 1834, cailleadh 1859) agus
- John Charles Batman (rugadh ar 5 Samhain 1836, cailleadh 1845).[6]
Ba ghearr gur éirigh Batman an-tinn agus é ag luí isteach ar an ól. Dúirt Eilís gurb é an fliuchadh amuigh ba chúis leis, ach chuir daoine eile a laige i leith an óil agus na sifilise.
Faoin mbliain 1839 bhí an lánúin scartha: chuaigh Eilís chun Sasana mar phaisinéir cábáin an bhliain sin, agus fuair sí scéala bhás Batman in Adelaide nuair a tháinig sí ar ais i Mí Mhárta 1840.[7]
Bás
[cuir in eagar | athraigh foinse]Phós sí William Willoughby, athchléireach Batman, sa bhliain 1841, agus chuidigh sé léi cuibhreann talún de chuid Batman a fháil di féin tar éis aighneas fada dlí. Dealraíonn sé go ndeachaigh a saol chun an donais ina dhiaidh sin. Bhí teach beag adhmaid aici in Geelong sa bhliain 1852 agus ba mhinic ar meisce í (dúradh fúithí níos déanaí go raibh sí ”of somewhat abandoned character”).
Faoin am seo bhí ainm Sarah Willoughby uirthi. Bhí sí ag taithí droch-chomhluadair arís. Ar 30 Márta 1852 bhí triúr eile (beirt fhear agus bean) ar cuairt aici agus tarraingíodh achrann. Bualadh go dona í agus fuair sí bás an lá dár gcionn.[8] Sa bhliain 1853 chuir a hiníon Elizabeth Mary síos uirthi mar "Elizabeth Callan, governess".[9]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Brown, P.L., 'Batman, John (1801 - 1839)', Australian Dictionary of Biography, Volume 1, Melbourne University Press, 1966, lgh 67-71.
- Campbell, Alastair H. (1987). John Batman and the Aborigines. Kibble Books. ISBN 0-908150-09-1, ISBN 0-908150-08-3 (clúdach páipéir)
- ↑ Australian Genealogy – Elizabeth Thompson: http://www.ozigen.com/p11342.htm
- ↑ Féach scagadh na bhfigiúirí daonáirimh in Fitzgerald, Garret, ‘Estimates for baronies of minimal level of Irish-speaking amongst successive decennial cohorts, 117-1781 to 1861-1871,’ lgh 153-4, Volume 84, Proceedings of the Royal Irish Academy, Royal Irish Academy, Dublin.
- ↑ Australian Genealogy, op.cit.
- ↑ Campbell, lch 18
- ↑ Luaite in Campbell, lch 18
- ↑ Australian Genealogy, op. cit.
- ↑ Australian Dictionary of Biography: http://adbonline.anu.edu.au/biogs/A010066b.htm
- ↑ Campbell, lch 18
- ↑ Australian Dictionary of Biography, op. cit.