Egon Schiele
Péintéir eispriseanaíoch Ostarach ab ea Egon Leo Adolf Ludwig Schiele (12 Meitheamh 1890 – 31 Deireadh Fómhair 1918). Tá cáil ar a shaothar as a dhéine agus a ghnéasacht amh, agus as an iliomad féin-phortráidí a rinne an t-ealaíontóir, féinphortráidí lomnochta ina measc. Léiríonn na cruthanna coirp lúbtha agus an líne léiritheach, ar saintréitheanna de phictiúir agus de líníochtaí Schiele iad, go raibh Schiele ina mháistir luath ar an Eispriseanachas. Bhí Gustav Klimt, péintéir fíorach ó thús an 20ú haois, ina mheantóir ag Schiele.
Beathaisnéis
[cuir in eagar | athraigh foinse]Luathshaol
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ba é Schiele an tríú leanbh ag bainisteoir an stáisiúin 'Tulln an der Donau' Adolf Eugen Schiele (1850 -1904) agus a bhean Marie Schiele (1862 -1935), née Soukup, ó Krumau i ndeisceart na Boiheime. D'éag Elvira (1883 -1893), an duine ba shine dá thriúr deirfiúracha (Melanie, 1886 -1974, agus Gertrude, 1894 -1981, an bheirt eile), in aois a dheich mbliana. D'oibrigh Melanie mar mhuilleoir agus phós sí a comhghleacaí oibre Gustav Schuster (1884 -1933) sa bhliain 1923; Phós an deirfiúr is óige Gertrude an t- ealaíontóir agus cara Schiele, Anton Peschka sa bhliain 1914. Bhí sí ina mainicín d'Egon Schiele ina bhlianta tosaigh .
Fuair athair Egon Schiele bás den tsifilis Oíche Chinn Bhliana 1904/1905. Ansin rinneadh caomhnóir agus urraitheoir de chuid Egon de seanathair Egon agus a uncail Leopold Czihaczek (1842-1929). Bhí tionchar múnlaitheach ag an eachtra seo ar shaol Schiele agus ar a chuid ealaíne. Sa bhliain 1901, d'fhreastail Schiele ar bhunscoil (die Volksschule ) i dTulln, ansin ar an Realgymnasium i Krems agus ó 1902 ar an Gymnasium Klosterneuburg cúpla ciliméadar lastuaidh de Vín. Le linn an ama seo thosaigh sé ag líníocht, go príomha eipeasóid ó shaol na n-iarnród.
D’aimsigh an múinteoir ealaíne Ludwig Karl Strauch agus an t-ealaíontóir Klosterneuburg Max Kahrer a thallann neamhghnách ansin agus thacaigh siad leis ina iarratas chuig Acadamh Mínealaíon Vín (Akademie der bildenden Künste Wien), áit ar glacadh leis isa bhliain 1906, agus é 16 bliana d’aois.
-
Autoportrait, 1906, fusain sur papier, 45.5cm x 36.5cm, Albertina.
-
Ruisseau dans un bois à l'automne, 1906, huile sur carton, 30.5cm x 23.5cm, coll. privée.
-
Arbres chauves, maisons et oratoire, 1907, crayon et huile sur carton, 15.5cm x 25.5cm, musée Leopold.
-
Leopold Czihaczek, 1907, huile sur toile, 42.5cm x 62.5cm, coll. privée.
-
Vue de l'appartement de L. et M. Czihaczek, 1907, huile sur toile, 39cm x 31cm, Belvédère.
-
Marie Schiele au col de fourrure, 1907, crayon, gouache et aquarelle sur papier, 32cm x 22cm, coll. privée.