Edward Williams Morley

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ceimicí is fisicí a saolaíodh i Newark, New Jersey ab ea Edward Williams Morley (1838-1931). Rinne sé obair cháiliúil le Michelson (1887) ar ghluaiseacht choibhneasta an Domhain is an éatair (á bhréagnú), tomhas cruinn ar luas an tsolais, agus cealú theoiric an fhlógastóin. Rinne sé taighde tábhachtach eile ar ocsaigin is hidrigin.