Edward Conway
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 3 Iúil 1894 An tAonach, Éire |
Bás | 29 Nollaig 1968 74 bliana d'aois |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath |
Gníomhaíocht | |
Gairm | bitheolaí, bithcheimiceoir |
Fostóir | An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath |
Ball de | |
Teangacha | Béarla |
Gradam a fuarthas | |
Ainmnithe do
|
Fiseolaí, bithcheimicí is matamaiticeoir a rugadh in Aonach Urmhumhan ab ea Edward Joseph Conway (3 Iúil 1894 – 29 Nollaig 1968). Rinne sé taighde ar fheidhmiú na bhfidíní sa duán. Rinne sé staidéar cuimsitheach ar na tiúchain dhifriúla ian Na+, K+ is Cl- sa sreabhán incheallach is an sreabhán eactarcheallach, agus na meicníochtaí a rialaíonn na tiúchain seo. I 1941 d'éirigh leis a léiriú go bhfuil an cillscannán éigníomhach roghnaíoch tréscaoilteach, agus go bhfuil próiseas iompair ghníomhaigh sa chillscannán atá in ann iain is móilíní a iompar trasna an scannáin i gcoinne grádáin leictricheimicigh, ar gá fuinneamh a sholáthar go leanúnach dó. Mar thoradh ar an dá mheicníocht seo a bheith ag obair as lámha a chéile an t-am ar fad, saothraítear poitéinseal (leictreach) fosaithe trasna an chillscannáin. Ar bhunsraith na hoibre seo, léirigh Hodgkin is Huxley na meicníochtaí atá faoin bpoitéinseal gníomhaithe a tharlaíonn i gcillscannáin fíochán infhlosctha inchorraithe (matáin is néaróga), obair a bhuaigh Duais Nobel i 1963. Rinne sé taighde suntasach ar na himoibrithe dí-ocsaídithe/ocsaídithe i gcealla na stéige a bhíonn ag díleá glúcóis agus a ról i dtáirgeadh an aigéid hidreaclóraigh i súlach gastrach. Rud suntasach ina shaothar ab ea an bhéim ar fheidhmiú na matamaitice i ngach réimse dá thaighde.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Edward Conway". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 169.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |