Eduardo Pondal
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | (gl) Eduardo María González-Pondal Abente 6 Feabhra 1835 Ponteceso, An Spáinn |
| Bás | 8 Márta 1917 82 bliana d'aois A Coruña, An Spáinn |
| Áit adhlactha | Reilig San Amaro |
| Faisnéis phearsanta | |
| Grúpa eitneach | Galicians (en) |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Santiago de Compostela |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | file, scríbhneoir, polaiteoir |
| Ball de | |
| Gluaiseacht | Rexurdimento (en) |
| Teangacha | An Spáinnis agus an Ghailísis |
| Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Gradam a fuarthas
| |
File Gailíseach ab ea Eduardo María González-Pondal Abente (8 Feabhra, 1835 – 8 Márta, 1917), a scríobh as Gailís agus Spáinnis leis.
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]As Hidalgo ó dhúcas, ba é Pondal an duine ab óige i dteaghlach de sheachtar. Ó 1844 ar aghaidh, rinne sé staidéar ar An Laidin i scoil i Vilela de Nemiña a bhí fé úinéireacht ag cléireach a bhí gaolta leis, Cristobal Lago. I 1848, bhog sé go Santiago de Compostela chun staidéar a dhéanamh ar fhealsúnacht agus, ina dhiaidh sin, leigheas san ollscoil.[1]
Agus é ina mhac léinn, bhíodh sé de nós aige freastal ar Liceo de Santo Agostiño, áit a mbíodh díospóireachtaí litríochta ar siúil. Ansin a thángthas air mar fhile i rith Fhéasta Conxo. Féasta ab ea seo a eagríodh ag mic léinn liobrálacha i 1856 chun ómós a thabhairt don "tríú stáit", agus deis a thabhairt do mhic léinn aithne a chur ar oibrithe. Deirtear go bhfuil brí tábhachtach polaitiúil leis na beannachtaí sláinte.
I 1860, chuir Pondal a chuid staidéir i gcríoch agus thosaigh sé ag obair mar dhochtúir d'Arm na Spáinne ag Ferrol . D'fhoilsigh sé "A Campana de Anllóns", a chéad dán as Gailís leis.
I 1861, thosaigh sé post oifigiúil leis an ríochas. Fuair sé post in Asturias, áfach, d'éirigh sé as agus as a ghairm mar dhoctúir.
Níorbh fhada gur éirigh sé as agus d'fhill sé ar theach a mhuintir, an áit inar chónaigh sé agus turasanna rialta go Santiago de Compostela agus A Coruña á ndéanamh aige. Anuas air sin, thugadh sé cuairt ar léabharlann darb ainm 'A Cova Céltica', áit a mbíodh sé i mbun díospóireachta le leithéidí Martínez Salazar, Manuel Murguía, Florencio Vaamonde, Martelo Paumán, is Urbano Lugris. Trí Murguía a chur Pondal fios ar fhilíocht Sheumais Mhic an Phearsain agus a shocraigh sé chun dul i mbun bardóireachta.
D’fhoilsigh sé Rumores de los pinos i 1877, cnuasach filíochta le 21 dán as Gasilís is Spáinnis, a bheadh mar bhunús i gcomhair Queixumes dos pinos (1886). D’úsáideadh dán leis mar fhocail an amhráin náisiúnta agus ceol curtha leis ag Pascual Veiga.
Smaonaigh Pondal air féin mar “fhile saoirse” agus fonn air dóchas a mhúscailt i muintir na Gailíse. Shamhlaigh sé stair saor agus neamhsplách a thabhairt ar ais lena chuid filíochta. Beagnach caillte ar an iomlán a bhí an mhiotaseolaíocht Ghailísis-Cheilteach an t-am sin, mar sin bhí ar Pondal buille faoi thuairim a thabhairt agus í a athchumadh. Bunaithe ar fhilíocht Ossian, sleachta an Leabhair Ghabhala Éireann, is analís Murguia. Bhain Pondal úsáid as na haircitíopaí a chum sé chun na bearnaí a líonadh sa mhiotaseolaíocht.
Rinne Pondal iarracht an Ghailísis a chaomniú in am nuair nach raibh meas uirthi. Bhain sé an-úsáid as an nádúr agus na mná ina chuid oibre.
Scríobh sé eipic, Os Eoas, bunaithe ar aimsiú Meiriceá, níor fhoilsigh sé ach an chéad dréacht i 1858.
Fuair Pondal bás in óstán La Luguesa in A Coruña ar 8ú Márta 1917. I reilig San Amaro a chuireadh é.