Edith Wharton

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search


Scríbhneoir agus dearthóir Meiriceánach ab ea Edith Wharton (/hwɔːrtən/; Edith Newbold Jones roimh phósadh di; 24 Eanáir 1862 – 11 Lúnasa 1937). Bronnadh Duais Pulitzer don Úrscéal uirthi dá mórshaothar The Age of Innocence in 1921 agus ba í an chéad bhean a bhuaigh an duais sin riamh.

Beathaisnéis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Portráid de Wharton agus í ina páiste, le Edward Harrison May (1870)

Rugadh Edith Newbold Jones i gCathair Nua-Eabhrac. Forbróirí eastáit réadaigh a bhí i muintir a hathar, George Frederic Jones, agus bhí an teaghlach an-saibhir. Bhí beirt deartháireacha ag Edith; ba í an duine ab óige den chlann.

Mar gheall ar riocht sláinte a hathar, agus mar ba nós le huasaicme Nua-Eabhrac ag an tráth sin, chaitheadh a teaghlach an samhradh in Newport, Rhode Island, agus thaistealaíodh siad chun na hEorpa go minic. Ina ainneoin sin, tógadh í, go príomha, i Nua-Eabhrac.

Scríobhadh sí dánta agus scéalta agus í ina déagóir ach ní raibh cead aici a cuid scríbhneoireachta a fhoilsiú faoina hainm féin toisc nach raibh sé sin fóirsteanach do mhná óga den uasaicme. Bean dhian ab ea Lucretia Rhinelander Jones, máthair Edith, nach raibh suim aici ach i gcleamhnas a dhéanamh dá hiníon. Rinne sí a dícheall deireadh a chur le scríbhneoireacht chruthaitheach Edith agus chuir sí cosc uirthi úrscéalta a léamh.

Pósadh agus meánaois[cuir in eagar | athraigh foinse]

The Mount, 2006

In 1885 phós Edith agus Teddy Wharton, duine d’uasaicme Bhostúin. Bhí cónaí orthu i mainéar mór in Lenox, Massachusetts, darb ainm The Mount, áit ar dhear Edith an foirgneamh agus na gairdíní. Tá an mainéar ann fós agus músaem atá ann anois.

Ní raibh Edith agus Teddy feiliúnach dá chéile, áfach, agus bhí an bheirt acu míshásta faoina bpósadh. Ina theannta sin, rinne siad nós de bheith ag taisteal chun na hIodáile agus chun na Fraince ag tús an phósta ach d’éirigh siad as de bharr go raibh dúlagar trom ar Teddy. Ní raibh páistí ar bith acu agus fuair siad colscaradh tar éis 28 mbliana.

Tar éis an cholscartha, bhog sise go Páras. I rith an Chéad Chogaidh Dhomhanda, thug sí tacaíocht do dhídeanaithe agus do dhaoine a bhí gortaithe. Bronnadh an Légion d’Honneur uirthi in 1916 mar aitheantas ar a hiarrachtaí in aimsir chogaidh.

Edith Wharton thart ar 1889

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhuail taom croí í ar an 1 Meitheamh 1937 agus í ina cuairteoir i dteach mór tuaithe sa Fhrainc. Agus í ag téarnamh sa bhaile in Saint-Brice-sous-Forêt, bruachbhaile de chuid Pháras, fuair sí bás de bharr stróc ar an 11 Lúnasa 1937. Adhlacadh í le lánonóracha in Versailles.

Le Pavillon Colombe, teach Wharton in Saint-Brice-sous-Forêt, sa Fhrainc

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is fearr aithne uirthi mar scríbhneoir ficsin rathúil bisiúil. Ag tús a gairme, bhí an-tóir ar a húrscéal srathaithe, The House of Mirth (1905), agus bhain sí cáil amach dá bharr. Bhí an-éileamh ar an chuid is mó dá húrscéalta as sin amach. Cé go raibh sí beagnach 40 bliain d’aois nuair a thosaigh sí ag scríobh go proifisiúnta, d’fhoilsigh sí 15 úrscéal agus níos mó ná 80 gearrscéal, roinnt scéalta taibhsí ina measc.

Fuair sí a cuid inspioráide óna timpeallacht shóisialta den chuid is mó. Is ábhair lárnacha ina saothar iad nósanna uasaicme Nua-Eabhrac, milieu inar tógadh í; saol na tuaithe i Sasana Nua, áit a raibh cónaí uirthi agus í nuaphósta; agus saol na n-easaoránach Meiriceánach san Eoraip, bunaithe go mór ar a cuid taithí féin sa Fhrainc agus san Iodáil. Is mná óga iad formhór na bpríomhcharachtar ina cuid saothar ficsin, agus bíonn stádas sóisialta agus cur faoi chois na gnéasachta ina phríomhthéama go minic ann.

Chomh maith leis sin, d’fhoilsigh sí naoi leabhar neamhfhicsin, cuimhní cinn (A Backward Glance, 1934) ina measc. Bhí an-tóir ar a cuid leabhar faoi dhearadh intí agus garraíodóireacht tírdhreachaithe freisin; ba shaineolaí aitheanta ar na hábhair sin í.