Edith Somerville
(1919) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 2 Bealtaine 1858 Corfú, An Ghréig |
Bás | 8 Deireadh Fómhair 1949 91 bliana d'aois Baile an Chaisleáin, Éire |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Alexandra Académie Delécluse |
Gníomhaíocht | |
Gairm | péintéir, scríbhneoir |
Ainm cleite | Geilles Herring |
Teangacha | Béarla |
Ealaíontóirí gaolmhara | Violet Florence Martin: Somerville agus Ross |
Saothar | |
Suíomh a chartlainne | |
Teaghlach | |
Duine muinteartha | Violet Florence Martin (col ceathar) |
Scríbhneoir agus péintéir ab ea Edith Anna Œnone Somerville (2 Bealtaine 1858 i gCorfú - 8 Deireadh Fómhair 1949).[1]
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Edith Somerville i gCorfu, áit a raibh a hathair, Lt Col Somerville lonnaithe. Ba é Edith an duine ba shine d'ochtar clainne, buachaillí ar fad acu seachas Edith agus deirfiúr amháin. Sa bhliain 1859, chuaigh a hathair ar scor agus d'fhás Edith suas i mBaile an Chaisleáin i gContae Chorcaí.
Thug a céad mhian de bheith ina healaíontóir go Londain, an Ghearmáin agus an Fhrainc (Académie Colarossi agus Académie Delécluse) í, ina bhfuair sí fódú acadúil maith mar phéintéir.[2]
Bhí tionchar a traenála sa Fhrainc le feiceáil ina péinteáil luath, mar shampla The Goose Girl, ó 1888. I measc na saothar eile, rinne sí tírdhreacha agus léirithe.
Bhí aithne níos fearr uirthi mar scríbhneoir; tá cáil go háirithe ar "The Real Charlotte"[3] agus 'The Irish R.M.'[4]
Feallmharaigh an tIRA a deartháir, Boyle Somerville, sa bhliain 1936.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Somerville, Edith Anna Œnone | Dictionary of Irish Biography" (en). www.dib.ie. Dáta rochtana: 2023-08-14.
- ↑ Nationalgallery.ie (2020). "Annual Report 2020". Dáta rochtana: 2023.
- ↑ "The Real Charlotte" (as en) (2022-07-19). Wikipedia.
- ↑ "The Irish R.M." (as en) (2023-07-07). Wikipedia.