Easpa dídine in Éirinn



Tháinig méadú ollmhór ar an líon daoine bhí gan dídean in Éirinn sna 2020idí. Tá an sainmhíniú ar easpa dídine in Éirinn[1] leagtha amach in Acht Tithíochta 1988.[2]

Is féidir údaráis áitiúla In Éirinn faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh siúd atá gan dídean nó atá i mbaol a bheith gan dídean.[3] Is i mBÁC is mó atá an fhadhb ach tá sí le feiceáil in áiteanna eile in Éirinn chomh maith; bhí 73% de dhaoine gan dídean i mBÁC de réir Daonáireamh 2016 de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh (POS).[4]
Daonáireamh 2016 (POS)
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tugtar léargas sa tuarascáil l"Daoine gan dídean in Éirinn"[5] de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh ar easpa dídine agus aird tugtha ar athróga éagsúla ar nós inscne, aois, stádas pósta, oideachas, obair, sláinte agus náisiúntacht i measc an daonra gan dídean.
- Aois mheánach ní b’óige i measc daoine gan dídean ná sa daonra ginearálta
- Sciar ní ba mhó daoine scartha/colscartha i measc daoine gan dídean
- Teaghlaigh gan dídean: Áiríodh 896 teaghlach sa daonra gan dídean le 2,968 duine aonair iontu seo,
- Daoine gan dídean i mbun oibre/dífhostaithe/i mbun staidéir/ar scor: As an 5,212 duine gan dídean in aois 15 bliana nó os a cionn a bhí ann anuraidh, bhí 2,915 díobh (56%) sa lucht saothair, agus 899 den dream sin (31%) i mbun oibre. Bhí an 2,016 duine (69%) eile dífhostaithe nó sa tóir ar a chéad phost.
- Seans ní ba lú cáilíocht leibhéal sinsearach a bheith ag daoine gan dídean. Ó thaobh oideachas de, áiríodh 1,606 duine gan dídean (38%) nach raibh cáilíocht oideachasúil os cionn leibhéal iar-bhunscoile sóisearaí, i gcomparáid le 27% den phobal i gcoitinne.
- Náisiúntachtaí. Astu siúd a chur a náisiúntacht in iúl, ba náisiúnaigh choigríocha iad 14% de dhaoine gan dídean, i gcomparáid le 11.6% den phobal i gcoitinne.
- Sláinte ní ba mheasa agus ráta ní b’airde míchumais i measc daoine gan dídean. Níor bhraith ach 62% de dhaoine gan dídean go raibh sláinte mhaith nó an-mhaith acu, i gcomparáid le 87% den daonra iomlán.
An Roinn Tithíochta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Foilsíonn an Roinn Tithíochta na figiúirí ar bhonn míosúil maidir le heaspa dídine. Tugann na huimhreacha seo le fios an líon daoine a d’fhan i lóistín éigeandála atá faoi bhainistíocht ag údaráis áitiúla i rith seachtain amháin de gach mí. Mar sin féin, ní chomhairítear daoine a chodlaíonn ar na sráideanna,[6] iarrthóirí tearmainn nó daoine a fhanann i gcineálacha lóistín eile cosúil le tearmainn do mhná.[7]
Ag tús 2015, meastar gur bhain 3,845 daoine úsáid as an lóistín seo. Ach tháinig méadú de thimpeall 2,000 ar líon na ndaoine seo bliain ar bhliain ó shin. An t-aon eisceacht a bhaineann leis an bpatrún seo ná blianta na paindéime COVID-19. Tháinig laghdú 1,958 ar líon na ndaoine seo idir 2020 agus 2021 sular tháinig fás ar na huimhreacha arís an bhliain dár gcionn.[7]
I mí na Samhna 2024, d’úsáid 15,199 duine lóistín éigeandála poiblí i bPoblacht na hÉireann, an ráta is mó ó cuireadh tús le taifid in 2014. Ina measc, bhí 4,658 páiste i lóistín éigeandála idir an 18 agus an 24 Samhain 2024. Bhí tromlach ollmhór, díreach os cionn 70%, de na daoine fásta a bhí clúdaithe i dtuairisc na Roinne Tithíochta lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Dar leis na figiúirí is déanaí, bhain 1,524 teaghlach úsáid as lóistín éigeandála i mBaile Átha Cliath, 834 teaghlach aontuismitheora ina measc. Go náisiúnta, bhain 2,168 teaghlach úsáid as an lóistín seo, 1,252 teaghlach aontuismitheora ina measc.
Bhí 17% de na daoine fásta a bhí i lóistín éigeandála poiblí idir 18 agus 24 bliain d’aois, bhí 53% idir 25 agus 44, bhí 28% idir 45 agus 64 agus 2% os cionn 65. B’fhireannaigh iad 61% de na daoine seo. Ba as Poblacht na hÉireann iad 52% de na daoine fásta seo. B’as an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó an Ríocht Aontaithe iad 22% acu agus b’as tíortha eile iad 26% acu.[7]
Faisnéis faoi thacaíochtaí do dhaoine gan dídean
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is féidir faisnéis phraiticiúil a fháil maidir le tithíocht agus tacaíochtaí eile do dhaoine gan dídean anseo, i mBéarla amhain (Ionad Eolais do Shaoránaigh).[8]
Eaglais
Ba í an tSiúr Stanislaus Kennedy nó 'Sister Stan' mar ab fhearr aithne uirthi i mBaile Átha Cliath a bhunaigh an eagraíocht Focus Point i 1985. Tá a ainm athraithe ó shin go Focus Ireland, eagraíocht a tháinig ar an saol i dtús ama le aird an phobail a tharraingt ar riachtanas na mban a bhí gan dídean i mBaile Átha Cliath sna hochtóidí, Scaip tionchar na heagraíochta ina dhiaidh sin agus rinneadh cúram don tír uilig.[9]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ i mBéarla, homelessness in Ireland
- ↑ "Achtanna » Act". www.achtanna.ie. Dáta rochtana: 2025-01-12.
- ↑ "Faisnéis agus Comhairle Easpa Dídine | Tipperary County Council". www.tipperarycoco.ie. Dáta rochtana: 2023-10-10.
- ↑ "https://twitter.com/CSOIreland/status/895965442002616320?s=20" (ga). X (formerly Twitter). Dáta rochtana: 2023-10-10.
- ↑ CSO (2016). "Daonáireamh 2016: Próifíl 5 - Daoine gan dídean in Éirinn - CSO - Central Statistics Office". www.cso.ie. Dáta rochtana: 2023-10-10.
- ↑ I mí na Samhna, rinne foireann rochtana ón Roinn Tithíochta teagmháil le 134 duine i mBaile Átha Cliath le meastachán a dhéanamh ar an líon daoine a chodlaíonn amuigh i mí na Samhna. Meastar gur tháinig ardú 5% ar líon na ndaoine seo ón earrach 2024.
- 1 2 3 Bill Breathnach / An Páipéar, Eagrán #11 (2025-01-10). "An líon is mó daoine gan dídean i bPoblacht na hÉireann faoi láthair" (ga-IE). Dáta rochtana: 2025-01-12.
- ↑ Citizensinformation.ie. "Housing and other supports for homeless people" (en). www.citizensinformation.ie. Dáta rochtana: 2025-01-12.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-11-03). "An tSiúr Stanislaus Kennedy tar éis bháis" (as ga-IE).