Mionn mór

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Eascaine)

Eascaine nó droch-chaint is ea mionn mór. Tá dhá phríomhchatagóir mallachtaí ann i bhformhór na dteangacha – na mionnaí móra agus na focail ghraosta. Samplaí de na mionnaí móra is ea iad ‘téigh i dtigh an diabhail’, ‘in ainm Dé!’ agus ‘ó, a Mhac Dé!’ agus is ó chreideamh na ndaoine i nDia (agus sa diabhal) a d’eascair a gcumhacht ar dtús.[1]

Bunús[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba iad na mionnaí móra na mallachtaí ba thromchúisí sna Meánaoiseanna. An uair sin ghlactaí leis nár cheart ainm Dé a lua ach amháin i gcás gealltanais shollúnta, nuair a bhí mionna á thabhairt ag duine os comhair Dé go raibh an méid a bhí á rá aige cruinn nó go ndéanfadh sé an méid a bhí geallta aige; ba shárú air sin ainm Dé a thabhairt gan fáth, rud a raibh geis mhór ag baint leis.

Ceapadh gur bhaol beag is fiú a dhéanamh de Dhia nó a chorp a ghortú, fiú, trína ainm a lua gan fáth agus go bhféadfadh an tsochaí titim as a chéile trí mhí-úsáid a bhaint as na mionnaí: faoin gcóras feodach bhí dea-fheidhmiú na sochaí ag brath go mór ar iontaofacht na mionnaí toisc gurb iomaí duine a bhí faoi cheangal acu. Thairis sin, ceapadh go bhféadfaí drochrath a chur ar dhaoine agus ar a ngnóthaí trí ainm an diabhail a lua.[1]

Inniu[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá maolaithe ar neart na mionnaí móra sa lá atá inniu ann: sin toisc go bhfuil lagaithe ar chreideamh an phobail sa saol atá le teacht agus go bhfuil conarthaí tagtha in áit na mionnaí mar bhealach chun gealltanais fhoirmeálta a thabhairt.[1]

An Ghaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iad na mionnaí móra na mallachtaí is coitianta sa Ghaeilge agus go n-úsáidtear iad de rogha ar na focail ghraosta, mar sin. Sa 19ú haois, ós rud é gur cuireadh an teanga faoi chois agus gur díbríodh í ó na bailte móra, d’fhan an Ghaeilge ceangailte leis an saol tuaithe réamhthionsclaíoch ar feadh tréimhse níos faide ná go leor teangacha eile.[1]

Is mór idir é seo agus stair Shasana; tháinig náire faoi na feidhmeanna coirp chun cinn níos luaithe sna ceantair uirbeacha sa Bhreatain ar nós Londan ná mar a tháinig faoin tuath. Is cinnte nár éirigh na Gaeil chomh piuratánach leis na Sasanaigh sa tréimhse Victeoiriach. Is cosúil, dá bharr sin, nach raibh na Gaeil chomh tugtha céanna do na sofhriotail i gcúrsaí coirp agus a bhí na Béarlóirí.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]