Earl Sweatshirt

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Earl Sweatshirt 15 Márta 2013

Is rapálaí, cumadóir amhrán agus léiritheoir ceirnín Meiriceánach é Thebe Neruda KgositsileEarl Sweatshirt, atá mar ainm stáitse aige. Rugadh é ar 24 Feabhra 1994, i Siceagó i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Bhí aithne air mar Sly Tendencies sular thug Tyler, the Creator cuireadh dó chun a bheith páirteach sa ghrúpa hip-hop malartach Odd Future i 2009.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

I Márta 2010, nuair nach raibh sé ach sé bhliain déag d’aois, chuir sé a chéad mixtape Earl amach a bhí molta go mór ag criticeoirí agus an phobal araon. Gan mhoill ina dhiaidh sin, chuir a mháthair go scoil chónaithe fa choinne déagóirí atá i mbaol i Samó Mheiriceá, áit a d’fhan sé ar feadh bliain go leith.

Ní raibh sé ábalta ceol ar bith a thaifead ann, agus tháinig sé ar ais go Los Angeles i mí Feabhra 2012, díreach sular shroich sé a ochtú mbreithlá déag. Chuaigh sé ar ais isteach in Odd Future agus thosaigh sé ag cumadh ceoil nua. Chuir sé amach a chéad albam stiúideo Doris i mí Lúnasa 2013.

Tháinig a chéad albam eile, I Don’t Like Shit, I Don’t Go Outside, amach i Márta 2015. Lean a tríú halbam, Some Rap Songs, i ndiaidh sin i Samhain 2018.

Tá ardmholadh faighte ag achan tionscadal atá déanta aige.

Earl i Márta 2013.

Faoi láthair, is leis an lipéad neamhspléach Tan Cressida atá sé sínithe, a bhí eisithe ag Columbia Records tráth. Ar 1 Samhain, 2019, chuir Kgositsile EP amach darbh ainm Feet of Clay.

Earl Sweatshirt i 2012

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]