Ealaín réamh-Cholómach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ealaín na mbundúchasach i Meiriceá Thuaidh, Láir is Theas roimh ghabhálacha na nEorpach sa 16ú céad. Bhí na cultúir is forbartha i bPeiriú, Meiriceá Láir is Meicsiceo. I bPeiriú sa 15ú céad thóg na hIncigh le bloic ollmhóra cloiche a oibríodh go raibh siad mín is oiriúnaithe dá chéile. I Meiriceá Láir tógadh pirimidí barrscoite mar bhoinn lena dteampaill. I Meiriceá Láir is Meicsiceo, thóg na Máigigh foirgnimh mhaorga agus rinne dealbhóireacht chruthaitheach i gcloch, potaireacht is séad. Rinne na hAstacaigh mar an gcéanna i Meicsiceo. Tháirg siad uile teicstílí is earraí miotalóireachta freisin.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Ealaín réamh-Cholómach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 235.