Ealaín na Gréige

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ealaín na Gréige clasaicí, a roinntear i 4 thréimhse: an tréimhse Gheoiméadrach (11ú-8ú céad RC) a aithnítear ón bpotaireacht phéinteáilte; an tréimhse Ársa (déanach san 8ú céad-480 RC) nuair a chuaigh iarmhairtí oirthearacha i bhfeidhm is a tháinig an fhoirm dhaonna amach mar théama lárnach; an tréimhse Chlasaiceach (480-323 RC) nuair a bhain an tsibhialtacht ársa a buaicphointe amach maidir le hailtireacht, dealbhóireacht is péintéireacht álainn agus mothú comhréire idéalach, ag leagan amach ardchaighdeán don ealaín fhíortha nár sáraíodh fós; agus an tréimhse Heilléiníoch (323-27 RC) inar táirgeadh sárshaothair a bhí oilte ó thaobh teicníochta is dráma, déanta i raon stíleanna ón réalachas go dtí an Barócachas. Lean na Rómhánaigh leis an traidisiún seo agus d'fhadaigh an tréimhse seo.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Ealaín na Gréige". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 232.