Eagraí leictreonach pearsanta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Feiste leictreonach láimhe a fheidhmíonn mar chóras comhadaithe is innéacsaithe d'eolas pearsanta mar a bheadh i leabhar seoltaí nó dialann. De ghnáth bíonn scáileán beag air chun eolas a léiriú, agus méarchlár chun carachtair alfa-uimhriúla a ionchur. Uaireanta bíonn pointeoir nó feiste cosúil le peann, agus cumas aige lámhscribhinn a aithint. Ní hionann is ríomhaire pearsanta, ní bhíonn sé inchláraithe ag an úsáideoir.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Eagraí leictreonach pearsanta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 230.