Eaglais Phreispitéireach in Éirinn
| Sonraí | |
|---|---|
| Cineál | sainchreideamh Críostaí eagraíocht neamhbhrabúis |
| Reiligiún | Preispitéireachas |
| Stair | |
| Dáta a bunaíodh | 1610 |
| Bunaitheoir(í) | Séamas VI, Albain agus Séamas I, Sasana agus Éire |
| Gníomhaíocht | |
| Ball de | Communion of Protestant Churches in Europe (en) |
| Rialachas corparáideach | |
| Líon fostaithe | 1 (2021) |
| Úinéir de | |
| Táscaire eacnamaíoch | |
| Ioncam iomlán | 31,723,172 € (2020) |
| Sócmhainní iomlána | 118 M€ (2021) |
| Suíomh gréasáin | presbyterianireland.org |
Thug áititheoirí Albanacha an creideamh Preispitéireach go hÉirinn le linn Phlandáil na hUladh. Cuireadh an Eaglais Phreispitéireach in Éirinn[1] ar bun sa bhliain 1642.
21ú haois
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2018, caitheadh vóta gan rannpháirtíocht iomlán san Eaglais a cheadú do lánúineacha comhghnéis agus a gclann. D'éirigh go leor daoine as an Eaglais Phreispitéireach ag an am mar gheall ar an vóta sin agus cuireadh éadulaingt agus tiarnúlacht i leith lucht ceannais. Cuireadh smacht ar mhinistrí agus ar sheanóirí san Eaglais de bhrí go raibh malairt tuairime acu.[2]
Sa bhliain 2022, scríobh Lord John Alderdice tuairisc, ag maígh nach raibh an Eaglais ag comhlíonadh a cuid oibleagáidí mar charthanas atá cláraithe ar dhá thaobh na teorann in Éirinn.Bhí an tuairisc curtha faoi bhráid na rialálaithe carthanas sa Tuaisceart agus sa Phoblacht araon.
Iarcheannaire Pháirtí na Comhghuaillíochta sa Tuaisceart, John Alderdice, is é a chuir an tuairisc i dtoll a chéile. Seanóir san Eaglais Phreispitéireach ab ea John Alderdice ach d'éirigh sé as in 2018 i bhfianaise na conspóide faoi lánúineacha comhghnéis.[3][4] De réir Alderdice, "Léirítear imní mhór faoi chúrsaí smachta agus rialachais san Eaglais Phreispitéireach. Cáintear go láidir sa tuairisc cur chuige na hEaglaise Preispitéirí i dtaca leis na ceisteanna sin agus tuilleadh. Líomhnaítear sa tuairisc go bhfuil oifigigh shinsearacha ag déanamh bulaíocht agus imeaglú ar dhaoine eile san Eaglais agus go bhfuil siad ag baint mí-úsáid as an gcumhacht atá acu."[2]
Gaeilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Gaeilge ag go leor de na Preispitéirigh a tháinig go Cúige Uladh le linn na bplandálacha sa 17ú haois. Ba é an tUrramach Jeremiah O’Quinn an chéad mhisinéir leis an Ghaeilge a úsáid. Cuireadh go Cúige Chonnacht é leis na daoine ansin a thiontú ina bPreispitéirigh in 1654.[5]
Ba leabhar faoin gcreideamh Preispitéireach é an chéad leabhar a chlódh as Gaeilge (ní raibh cead ag Caitlicigh aon ábhar a chur i gcló ag an am).[6]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ i mBéarla, Presbyterian Church in Ireland. Baintear úsáid as Eaglais Phreispitéireach uile-Éireann chomh maith
- ↑ 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2025-08-12). "Ceannasaíocht na hEaglaise Preispitéirí cáinte i dtuairisc" (as ga-IE).
- ↑ i mBéarla, Presbyterian Church in Ireland
- ↑ archive.ph / .belfasttelegraph.co.uk (2025). "Presbyterian leaders get second mystery email criticising governance of church". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2025-08-12. Dáta rochtana: 2025.
- ↑ nationalmuseumsNI.org. "TEACH TIONÓIL NA hÓMAÍ". Dáta rochtana: 2025.
- ↑ tairseachcogg.ie. "An Reifirméisean". Dáta rochtana: 2025.