Eacnamaíocht Thuaisceart Éireann
| Suíomh | ||||
|---|---|---|---|---|
| ||||
| Eacnamaíocht | ||||
| OTI ainmniúil in aghaidh an duine | 23,700 $ (2015) | |||
| Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Is geilleagar measctha é eacnamaíocht Thuaisceart Éireann — le comhcheangal d’infheistíocht phríobháideach agus phoiblí. Tá Tuaisceart Éireann tionsclaithe go measartha, le fostaíocht sa déantúsaíocht, go háirithe i réimsí cosúil le heitleonaic, bithleigheas, earraí leictreonacha, agus bia agus deoch. Mar sin féin, is í an earnáil seirbhísí an fhoinse is mó ina bhfuil fostaíocht, lena n-áirítear seirbhísí poiblí, gairmiúla, airgeadais, agus miondíola.
Tá gnéithe tábhachtacha den eacnamaíocht ag brath ar an Ríocht Aontaithe, go háirithe an earnáil phoiblí, agus baint láidir fós aici leis an Ríocht Aontaithe ó thaobh airgeadra, cánach, agus rialacháin de.
Níos boichte, ag fáil bháis níos óige, ag fanacht níos faide ar chóir leighis agus an bhearna ag méadú. B’in iad torthaí staidéir a rinne Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ITES) agus Tionscnamh an Oileáin Chomhroinnte i Roinn an Taoisigh ar an gcomparáid idir eacnamaíocht Thuaisceart Éireann agus na Poblachta.[1] Tá an caighdeán maireachtála i bPoblacht na hÉireann níos airde ná mar atá sé sa Tuaisceart, de réir tuarascáil a d'fhoilsigh an ITES ar an 14 Aibreán 2025. Dar leis an ITES, bíonn táirgiúlacht imeallach an tsaothair i bhfad níos airde sna 26 Contae ná sa Tuaisceart (tá táirgiúlacht saothair 250% níos airde ar an meán). Is mar gheall air sin, tá an ráta pá in aghaidh na huaire 36% níos airde agus tá ioncam indiúscartha an ghnáth-theaghlaigh 18.3% níos airde, bíodh is go bhfuil cáin ioncaim níos airde freisin.[2][3]
Ina cheann sin, tá níos mó daoine i ngach aoisghrúpa ar an taobh ó dheas den teorainn ag déanamh cúrsa oideachais. Is díol mór imní é, a deirtear sa tuarascáil, nach bhfuil 30% de dhaoine óga idir 15 agus 19 bliain d'aois ar an taobh ó thuaidh den teorainn, nach bhfuil siad ag fáil oideachas foirmiúil ar bith agus gur ag dul i ndonacht atá an scéal.[2] Tá tionchar suntasach ag an oideachas ar an táirgiúlacht san fhadtréimhse.[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Póilín Ní Chiaráin (20 Aibreán 2025). "Tá an tuaisceart níos boichte ná an deisceart agus tá an éagothroime ag méadú" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-04-21.
- 1 2 3 Nuacht RTÉ (2025-04-15). "'Caighdeán maireachtála níos airde sa Phoblacht ná sa Tuaisceart'" (as ga-IE).
- ↑ Adele Bergin, Seamus McGuinness, Conor Banahan (2025-04-15). "Economic overview of Ireland and Northern Ireland" (as en).
| Is síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
