Eachtra Manchúrach (1931)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtEachtra Manchúrach
Íomhá
Map
 41°50′05″N 123°27′58″E / 41.83461°N 123.46598°E / 41.83461; 123.46598
Cineálcoinbhleacht
conspóid Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deJapanese invasion of Manchuria (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana18 Meán Fómhair 1931 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhShenyang, Daon-Phoblacht na Síne Cuir in eagar ar Wikidata
TírPoblacht na Síne (1912–1949) Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
CúisLiutiaohu Incident (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata


An gníomh 'sabaitéireachta' ar 18 Meán Fómhair 1931 ː damáiste ar bith, beagnach

Idir na 1900idí-1920idí, bhí méadú as cuimse tagtha ar gheilleagar na Seapáine. Ach bhí an tír gann ar acmhainní nádúrtha, agus sna 1930idí, bhí an dearcadh coilíneach ag dul i neart sa tSeapáin.

Saighdiúirí Seapánacha sa Mhanchúir, 1931

Ar an 18 Meán Fómhair 1931 sa Mhanchúir, tharla gníomh sabaitéireachta ar líne traenach 'Mantetsu' (comhlacht na Seapáine). I ndáiríre, bhí arm na himpireachta de chuid na Seapáine taobh thiar den 'ionsaí' (pléasc thar a bheith beag, gan damáiste). Ach mhaígh an t-arm go raibh caimiléireacht ar siúl ina aghaidh agus cuireadh an milleán go mioscaiseach ar na Sínigh.[1]

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

I dtús na fichiú haoise, bhí an Rúis agus an tSeapáin ag cur suime sa Mhanchúir, agus iad den tuairim gur réigiún tábhachtach straitéiseach a bhí ann. Mar sin, d'éirigh ina chogadh eatarthu sa bhliain 1904. Bhuaigh an tSeapáin an cogadh, agus b'éigean don Rúis an chuid den Mhanchúir a thabhairt ar ais don tSín a bhí forghafa aici roimhe sin.

Sa bhliain 1905, chuaigh trúpaí Seapánacha i seilbh an iarnróid a bhí ag rith tríd an Manchúir, le go mbeadh an tSeapáin in ann amhábhair a iompar ón Manchúir go dtí an Chóiré. Bunaíodh an comhlacht 'Mantetsu' in 1906 chun líne traenach nua a thógáil.[2]

Iarmhairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 19 Bealtaine 1931, chuir an tSeapáin tús lena n-ionsaí ar an Mhanchúir.[3] Maraíodh 500 Síneach ar an chéad lá i Mukden agus theith na mílte eile.

Bhunaigh na Seapánaigh stát nua a bhí ar teaghrán acu - Manchukuo - agus chuir siad Pu Yi, iar-Impire na Síne, á rialú. Thit Manchukuo as a chéile sa bhliain 1945 nuair a rinne an APSS ionradh air.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Mukden Incident" (as en) (2021-09-18). Wikipedia. 
  2. "South Manchuria Railway" (as en) (2021-08-25). Wikipedia. 
  3. "Japanese invasion of Manchuria" (as en) (2021-09-14). Wikipedia.