Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta
| Sonraí | |
|---|---|
| Cineál | institiúid um thaighde eagraíocht neamhbhrabúis |
| Stair | |
| Dáta a bunaíodh | 1960 |
| Rialachas corparáideach | |
| Ceanncheathrú |
|
| Líon fostaithe | 106 (2023) |
| Táscaire eacnamaíoch | |
| Ioncam iomlán | 10,332,317 € (2014) |
| Sócmhainní iomlána | 16,410,656 € (2023) |
| Suíomh gréasáin | esri.ie |
Tugann an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ITES)[1] faoi thaighde a dheartar le heolas a chur ar fáil a bhaineann leis na mórfhadhbanna eacnamaíochta agus sóisialta in Éirinn a réiteach.[2]

Stádas dlíthiúil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cuideachta faoi theorainn ráthaíochta is ea ITES, a corpraíodh in 1960 faoi Achtanna na gCuideachtaí, 1908- 1959. Is í an oifig chláraithe Cearnóg Whitaker, Cé Sir John Rogerson, Baile Átha Cliath 2. Cé gur cuideachta faoi dhliteanas teoranta ESRI, tá sí díolmhaithe ón bhfocal “teoranta” a úsáid mar chuid dá hainm. Eagraíocht neamhbhrabúsach atá inti atá cláraithe mar charthanas.
Baintear tairbhe in ESRI as neamhspleáchas acadúil iomlán agus is dá cuid síntiúsóirí (os cionn 300 cuideachta agus duine aonair faoi láthair) atá sí freagrach i ndeireadh na dála.[2]
Taighde
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Is é an mórstaidéar Ag Fás Aníos in Éirinn an tionscadal is mó a bhí ag ITES go dtí na 2020idí; cuireadh tús leis in 1993.[3][4]
- In 2015, mhaoinigh Foras na Gaeilge an staidéar "Dearcadh an Phobail i leith na Gaeilge".[5]
- Déanann ITES polasaithe rialtas na hÉireann a mheasúnú go rialta, mar shampla an Plean Forbartha Náisiúnta.[6]
- Tá an caighdeán maireachtála i bPoblacht na hÉireann níos airde ná mar atá sé sa Tuaisceart, de réir tuarascáil a d'fhoilsigh an ITES ar an 14 Aibreán 2025.[7][8]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ i mBéarla, Economic and Social Research Institute nó an ESRI
- ↑ 2.0 2.1 Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (2021). "RÁITIS AIRGEADAIS". Dáta rochtana: 2025.
- ↑ "Growing Up in Ireland | ESRI" (en). www.esri.ie (2018-10-22). Dáta rochtana: 2025-04-22.
- ↑ faoi alt 24 den Acht Staidrimh, 1993. "Statistics Act, 1993 - Central Statistics Office" (en). www.cso.ie. Dáta rochtana: 2025-04-22.
- ↑ forasnagaeilge.ie / Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (2015). "Dearcadh an Phobail i leith na Gaeilge". Dáta rochtana: 2025.
- ↑ "ESRI report ‘The National Development Plan in 2023: Priorities and Capacity’ - Statement by Minister Donohoe" (en). gov.ie. Dáta rochtana: 2025-04-23.[nasc briste go buan]
- ↑ Adele Bergin, Seamus McGuinness, Conor Banahan (2025-04-15). "Economic overview of Ireland and Northern Ireland" (as en).
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-04-15). "'Caighdeán maireachtála níos airde sa Phoblacht ná sa Tuaisceart'" (as ga-IE).
