Jump to content

Dictionary of the Irish Language

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó EDIL)
WD Bosca Sonraí LeabharDictionary of the Irish Language
FotheidealBased Mainly on Old and Middle Irish Materials Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálfoclóir Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
TeangaBéarla, an tSean-Ghaeilge agus an Mheán-Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Suíomh gréasáindil.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Is é Dictionary of the Irish Language (ar a dtugtar “DIL” freisin) príomhfhoclóir na Luath-Gaeilge. Clúdaíonn sé an tréimhse roimh c. 1700, mar sin, an tSean-Ghaeilge, an Mheán-Ghaeilge, agus an Nua-Ghaeilge Mhoch. Is é Acadamh Ríoga na hÉireann a d'fhoilsigh an foclóir.

Is sa bhliain 1852 a shamhlaigh an bheirt teangeolaithe Gaeilge ba mhó le rá ag an am, Seán Ó Donnabháin agus Eoghan Ó Comhraí, foclóir cuimsitheach na Luath-Ghaeilge; bhí sé breis agus seasca bliain áfach sular foilsíodh an chéad fhascúl (an litir D chomh fada leis an bhfocal degóir; Carl JS Marstrander a thiomsaigh) i 1913. Bhí breis is seasca bliain ann fós go dtí gur foilsíodh an fascúl deiridh i 1976 faoi stiúir E. G. Quin.

Tá thart ar 2500 leathanach san fhoclóir iomlán, ach foilsíodh dlútheagrán (ceithre leathanach laghdaithe ar aon leathanach amháin) i 1983 (ISBN 0-901714-29-1), agus rinneadh cinneadh gan dul ar aghaidh le priontáil an eagráin lánmhéide.

Níl Foclóir Lainne ⁊ Gaoidheilge ar liosta foinsí DIL, rud a fhágann go raibh focail ag an bPluincéadach nach bhfuil san áireamh ann.[1]

Mar thoradh ar thionscadal ar cuireadh tús leis in 2003,[2] seoladh eagrán ar líne den fhoclóir, ar a dtugtar electronic Dictionary of the Irish Language (nó “eDIL”), in Acadamh Ríoga na hÉireann ar an 27 Meitheamh 2007. Foireann Fhoclóir na Nua-Ghaeilge san Acadamh a d’eagraigh an seoladh.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]