Jump to content

Dunveryssyn yn Tooder-Folley

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharDunveryssyn yn Tooder-Folley
Cineálsaothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarBrian Stowell Cuir in eagar ar Wikidata
TeangaGaeilge Mhanann Cuir in eagar ar Wikidata
FoilseachánOileán Mhanann, 2006 Cuir in eagar ar Wikidata
FoilsitheoirYn Çheshaght Ghailckagh
Foilsithe iDoolish Cuir in eagar ar Wikidata
Seánraúrscéal Cuir in eagar ar Wikidata
Leabharuimhir Chaighdeánach Idirnáisiúnta1-870029-31-3 Cuir in eagar ar Wikidata

Dunveryssyn yn Tooder-Folley (ga: "Dúnmharuithe an tSúmaire Fola"[1]) ina úrscéal le Brian Stowell. Scéal scannail agus eachtraí amhrasach atá ann, é suite i Manainn an lae inniu. Foilsíodh an leabhar den chéad chuairt sa bhliain 2005. Is cosúil gurb é an chéad úrscéal lán-fhada dar foilsíodh i nGaeilge Mhanann riamh.[2][3]

Tá tús tobann leis an scéal nuair a chuirtear corpán i láthair ar an gcéad leathanach agus dhá pholl bheaga ina muineál. Agus iad ag fiosrú céard a tharla dó sula maraítear aon duine eile, caithfidh na bleachtairí fáil amach an bhfuil súmaire fola ag dul thar bráid, an bhfuil baint ag sceimhlitheoirí Éireannacha leis, nó an bhfuil dúrún ann nach iad.[2]

Cé go bhfuil an eachtraíocht chun tosaigh sa scéal, nochtann an t-údar gnéithe iomadúla an tsaoil in Oileán Mhanann don léitheoir freisin, ón bpolaitíocht, an eacnamaíocht, an teannas idir í agus Shasana agus cosaint chlú na háite, go dtí cúrsaí cultúir. I measc na láithreacha atá i gceist tá oifigí gnó agus dlí, tithe tábhairne agus drúthlann. Buíon leathan carachtair atá sa scéal.[2]

Thug Natalie Nic Shím "sár-úrscéal" ar an leabhar.[4]

Mheas Alan Titley go bhfuil "luas beo bríomhar faoin scéal" agus go n-insítear "go cáiréiseach" agus "go healaíonta" é.[2]

Féach Freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]