Jump to content

An tAthair Pádraig Ó Duinnín – Bleachtaire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharAn tAthair Pádraig Ó Duinnín – Bleachtaire
Cineálsaothar ficsin Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarBiddy Jenkinson Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
Foilseachán2008 Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid den tsraith

Is leabhar scéalta bleachtaireachta é An tAthair Pádraig Ó Duinnín – Bleachtaire ó pheann Bhiddy Jenkinson ina gcuirtear an foclóirí mór in iúl ina lorgaire ag réiteach cásanna in "atmaisféar bréag-ghalánta gallda Bhaile Átha Cliath" ag tús na 20ú haoise. "Stíl inste "ghreannmhar dheisbhéalach" atá ag an údar sna scéalta seo agus dála "gach bleachtaire cháiliúil ón ré sin ba thapúla an Duinníneach chun cás a fhuascailt ná na póilíní oifigiúla".[1]

I ngeall ar shuíomh na scéalta agus siar is aniar an lorgaire tríd an chathair iontu, luaigh Liam Prút mar "leabhar Bleácliathach go smior" é. Cé gur "léitheoireacht éadrom thaitneamhach" atá le fáil ann, tá gnéithe litríochta ag baint leis sa bhreis air sin, ar scála faoi leith.[2]

"Dhein an tAthair Ua Duinnín gaisce agus d'fhág réim agus doimhneacht a shaothair pobal na Gaeilge faoina chomaoin. Foilsíodh an chéad eagrán dá Fhoclóir sa bhliain 1904 agus chuir sé go mór leis in eagrán 1927. San eagrán nua san, luaigh sé ciall thánaisteach le "scéal fiannaidheachta" - "a cock and bull story". Dá réir sin, b'fhéidir go dtabharfadh an Duinníneach féin "scéalta fiannaidheachta" ar scéalta an chnuasaigh seo. Ach, cá bhfios?"[3]

"Dhein Biddy Jenkinson spraoi leis an bhfírinne nuair a mhúnlaigh sí na heachtraí anseo. Chuir Ríbó, a dheilbhigh na léaráidí, leis an spraoi sin. Bheidís beirt ag súil go maithfeadh an Duinníneach dóibh é, ón uair gur dóigh leo go raibh siad ar thóir taibhse a bhfuil cónaí air sa bhFoclóir."[3]

bleaċtaire: 'a milker, a dairyman, a milk dealer, a wheeler;' agus sa deireadh 'a detective.'[4]
—Foclóir Gaedhilge agus Béarla

"Is cinnte go maithfidh léitheoirí na h-aoise seo dóibh mar go dtaitneoidh an leabhar go mór leo siúd a bhaineann sult as greann mín, agus as rémheilt agus spíonadh na faisnéise."[3]

Aon scéal déag atá sa leabhar seo, aon chás déag le réiteach.[4]

An comhlacht foilsitheoireachta Coiscéim a d’fhoilsigh an leabhar sa bhliain 2008 agus tá 245 leathanach ann.

Glacadh na gcriticeoirí

[cuir in eagar | athraigh foinse]

In 2013, roghnaigh painéal leathan scríbhneoirí an leabhar seo ar na 10 leabhar Gaeilge is fearr a fhoilsíodh ó chasadh na mílaoise go n-uige sin, agus ar an dara chnuasach gearrscéalta is fearr ón tréimhse sin.[1]

Scríbhneoireacht "géarchúiseach, barrúil agus ealaíonta" a thug Anna Heussaff, a chleachtann an seánra céanna, ar an sraith, "agus formhór na bplotaí an-chliste."[5]

Is cnuasach "bríomhar soléite" atá ann dar le Liam Prút, a bhfuil "an-saibhreas Gaeilge" ann, "thar mar atá b'fhéidir ag scríbhneoirí a bhíonn róluite leis an mbéaloideas amháin dá n-inspioráid." Thug sé suntas freisin don chaoi a bhfuil gnéithe de bunaithe ar bhealach neamhghnách ar bheathaisnéis na foclóra An Duinníneach (1958, Sáirséal agus Dill). "Comhartha beochta é cuid d'inneachair na nualitríochta Gaeilge a bheith á hathchúrsáil ar mhodh seachas tríd an aithris na an léirmheastóireacht. Bímis ag faire amach dá comharbaí."[2]

Chuir Mairéad Ní Chinnéide béim ar a stíl agus a seiftiúlacht: "Scéalta iad seo a mbíonn fonn orm filleadh orthu go minic ar mhaithe le stíl inste ghreannmhar dheisbhéalach an údair. Is mór an spraoi iad."[1]

An tsraith ar lean

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foilsíodh Duinnín Bleachtaire ar an Sceilg, an dara leabhar sa tsraith, in 2011. Bhí an dara chnuasach seo d'eachtraí an Duinnínigh mar bhleachtaire tar éis duais na bliana 2010 a ghnóthú ó Oireachtas na Gaeilge.[6]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 1.2 Mairéad Ní Chinnéide et al. (Nollaig 2013). "Na Deich Leabhar Gaeilge is Fearr a Foilsíodh ó Chasadh na Mílaoise". Comhar 73 (12): lgh 23-29. JSTOR https://www.jstor.org/stable/43500333. 
  2. 2.0 2.1 Liam Prút (Márta 2009). "Biddy an Bleachtaire". Comhar 69 (3): lch 23. JSTOR https://www.jstor.org/stable/25575932. 
  3. 3.0 3.1 3.2 Clúdach an leabhair "An tAthair Padraig Ó Duinín - Bleachtaire". www.coisceim.ie (2008). Dáta rochtana: 2025-04-03.
  4. 4.0 4.1 Clúdach an leabhair "An tAthair Pádraig Ó Duinnín Biddy Jenkinson". www.coisceim.ie (2010). Dáta rochtana: 2025-04-03.
  5. Anna Heussaff (Márta 2017). "Bhí an scéal chomh maith sin gur dhearmad mé gur i nGaeilge a bhí sé!". Comhar 77 (3): lgh 17-20. JSTOR https://www.jstor.org/stable/26386606. 
  6. Clúdach an leabhair "Duinnín Bleachtaire ar an Sceilg". www.coisceim.ie (2011). Dáta rochtana: 2025-04-03.