Duan na Nollag
| (en) A Christmas Carol | |
|---|---|
| Fotheideal | In Prose. Being a Ghost Story of Christmas |
| Cineál | saothar liteartha |
| Cárta innéacs | |
| Údar | Charles Dickens |
| Teanga | Béarla na Breataine agus Béarla |
| Maisitheoir | John Leech |
| Foilseachán | Sasana agus an Ríocht Aontaithe, 1843 |
| Foilsitheoir | Chapman and Hall (en) |
| Tréith | |
| Príomhábhar | An Nollaig agus amthaisteal |
| Seánra | Christmas fiction (en) |
| Carachtair | Ebenezer Scrooge Jacob Marley (en) Ghost of Christmas Past (en) Ghost of Christmas Present (en) Ghost of Christmas Yet to Come (en) Bob Cratchit (en) Tiny Tim (en) Mr. Fezziwig (en) |
| Suíomh scéalaíochta | Londain |
| Cuid den tsraith | |
Ceann de na scéalta Nollag is cáiliúla a scríobhadh riamh i mBéarla is ea Duan na Nollag le Charles Dickens, a foilsíodh den chéad uair i mBéarla faoin teideal A Christmas Carol ar an 19 Nollaig 1843.
Scéal
[cuir in eagar | athraigh foinse]San úrscéal gearr seo, insítear scéal Eibinéasair Scrúg, seanchnuastóir crua a dtagann taibhse a shean-chomhghleacaí gnó Iacób Meárlaí ar cuairt chuige Oíche Nollag, agus taibhsí ón Nollaig a bhí, atá, agus a bheidh. An t-athrú a thagann ar Scrúg an bior ar a chasann an scéal.
Is fabhalscéal é seo atá scríte le fearg agus le ceacht a chur abhaile, agus níl i gceist ag an údar nach bhfeicfí sin go feilleshoiléir, dá stuacaí nó dá dhúire is a bheadh an léitheoir. Tá a fhios againn cén saghas duine é Scrúg ó thosach – ‘Ochón! Ba é an rúcach é Scrúg! Seanraga santach scríobach anacrach ocrach! Chomh géar, chomh doirbh le breochloch nár bhain cruach riamh aibhleog raidhsiúil aisti.’[1]
Tá a fhios againn cad atá i ndán dó. Ní mór ná nach ndeirtear é sin i dtosach an leabhair. Níl uainn ach an spíonadh mar sin, an dóigh mhall atá ag Dickens ar na ceachtanna a leagan amach ós ár gcomhair diaidh ar ndiaidh, gach ceann díobh ag fáisceadh na scriúnna ar Scrúg go scrúdaitheach is go scrúdta. Tagann na taibhsí chuige, taispeánann saol a óige dó, an saol mar atá anois aige (nach bhfeiceann sé) agus an saol a bheidh le teacht mura n-athraíonn sé béasa agus iompar. Ní de dhroim aon eachtra amháin a tharlaíonn an t-athrú sin, agus tá an chuid is fearr den leabhar sna radharcanna sin ina bhfuil ‘Scrúg agus an spiorad ag siúl na sráideanna’ le chéile agus sna háiteanna a dtugann siad turas orthu.
Ag deireadh an leabhair, tar éis a gcuairte, déantar duine níos cineálta agus níos séimhe de Scrúg. Duine eile ar fad é agus gabhann an claochlú air: ‘Táim chomh héadrom le cleite, táim chomh séanmhar le haingeal, táim chomh meidhreach le gasúr scoile, táim chomh giodamach le fear meisce. Nollaig shúgach chun gach éinne!'[1]


As Gaeilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]Pádraig Ua Duinnín, 1903
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba ea é Duan na Nollag an chéad aistriúchán liteartha a rinneadh go Gaeilge. Bhí an athbheochan faoi lánseol agus Conradh na Gaeilge ar an bhfód le beagnach deich mbliana nuair a chuir an tAthair Pádraig, Pádraig Ua Duinnín, Gaeilge bhreá Shliabh Luachra ar shaothar Charles Dickens sa bhliain 1903, agus a chuir tús le seánra nua i litríocht na Gaeilge — an t-aistriúchán liteartha.[2]

Gheobhadh aistritheoir gairmiúil na linne seo lochtanna go leor ar chur chuige an Duinnínigh — an t-aistriú focal ar fhocal seachas ciall ar chiall, mar shampla (“bhí Meárlaí chomh marbh le tairne dorais”) nó an nós ainmneacha dílse mar ‘Scrooge’ a Ghaelú go ‘Scrúg’ (is iondúil nach mbactar ainmneacha pearsanta a aistriú sa lá atá inniu ann).[2]
Mar sin féin, chonaic an Duinníneach gur ghá go mbeadh teacht ag léitheoirí Gaeilge ar mhórshaothar idirnáisiúnta chomh maith le leabhair nua ina dteanga féin, agus ba é an chéad duine a chrom ar an obair sin.[2]
Leagan 2017
[cuir in eagar | athraigh foinse]Foilsíodh leagan Gaeilge de i mí Dheireadh Fómhair 2017, bunaithe ar aistriúchán an fhoclóirí, an tAthair Pádraig Ua Duinnín i 1903, agus é athchóirithe do léitheoirí ár linne ag Maitiú Ó Coimín. Is iad seanléaráidí Arthur Rackham atá mar mhaisiúchán ar an leabhar,[3] duine de na maisitheoirí leabhar ba mhó cáil le linn ré órga na healaíne sin i Sasana ag deireadh an 19ú agus tús an 20 céad.
Aistrriúchán
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ní raibh sé riamh furasta Dickens a aistriú, óir bhain se ceol as na focail agus níor bhain sé leas riamh as aon fhocal amháin nuair ab fhéidir leis deich gcinn a chur ag obair. Is í an fhadhb a bhaineann leis an leabhar seo, a déarfaí, ná go bhfuil an scéal ar eolas a bheag nó a mhór cheana. Tá cuid de theanga an leabhair imithe isteach sa chaint agus is cuma nó cur síos ar dhuine sprionlaithe anois é ‘scrooge’ sa Bhéarla. Tá fuílleach ainmneacha cheana againn sa Ghaeilge ar dhaoine atá sprionlaithe, mar atá, gortachán, péisteánach, cíochrachán, cágaire, ocrachán, grobaire, santachán, scribín, stiocaire, scanróir, scríobálaí, scrabhdóir agus scrúile.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 3 Alan Titley (25 Samhain 2025). "An Nollaig Nollaigiúil" (ga-IE). The Irish Times. Dáta rochtana: 2025-12-01.
- 1 2 3 NÓS (2020). "LEABHAIR: Na haistriúcháin go Gaeilge is fearr a rinneadh" (ga). NÓS. Dáta rochtana: 2021-12-18.
- ↑ Charles Dickens, Pádraig Ua Duinnín, agus Maitiú Ó Coimín (2017-11-30). "Duan Na Nollag" (ga). Litríocht. Dáta rochtana: 2020-12-17.