Druga cineálach
Cuma

Is éard is druga cineálach ann ná druga cógaisíochta ina bhfuil an tsubstaint cheimiceach chéanna agus atá i ndruga dílsithe a bhí faoi chosaint phaitinní ceimiceacha ar dtús. Ceadaítear drugaí cineálacha a dhíol tar éis do phaitinní na ndrugaí bunaidh dul in éag. Ós rud é go bhfuil an tsubstaint cheimiceach ghníomhach chéanna ann, tá próifíl leighis na ndrugaí cineálacha comhionann ó thaobh feidhmíochta de agus a bhfeidhmíocht tráth a raibh siad faoi phaitinn.[1] [2] Bíonn an chomhábhar gníomhach cógaisíochta (CGC) céanna ag druga cineálach agus atá sa bhunleagan, ach d'fhéadfadh sé a bheith difriúil i roinnt tréithe amhail an próiseas monaraíochta, an foirmliú, na támháin, dath, blas agus pacáistiú.[2]I
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Generic Drug Facts, Center for Drug Evaluation and Research, U.S. Food and Drug Administration, 2017-10-06, aisghafa 2017-11-11
- 1 2 Mogalian (13 December 2004). “What's the difference between brand-name and generic prescription drugs?”. Scientific American. Dáta rochtana: 2017-11-11.
| Is síol faoin chógaiseolaíocht é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |