Droichead DIL
| URL | https://cadhan.com/droichead/ |
|---|---|
| Cineál | suíomh gréasáin, gluais agus foclóir stairiúil |
| Teanga | an Ghaeilge agus an tSean-Ghaeilge |
Is gluais Luath-Ghaeilge ar líne é Droichead DIL. Déanann sé iontrálacha ar shuíomh DIL a mhapáil le hipearnascanna ar cheannfhocail Fhoclóir Uí Dhónaill ar Teanglann.ie, toisc gurb iad sin "príomhfhoclóir" na Luath- agus na Nua-Ghaeilge na linne faoi seach. Is é Caoimhín Ó Scanaill a chuir ar fáil é.[1]
Tá an gluais bunaithe ar Innéacs Nua-Ghaeilge don “Dictionary of the Irish language”,[1] leabhar a thiomsaigh Tomás de Bhaldraithe mar an gcéad chuid den tsraith Deascán Foclóireachta, a foilsíodh faoi scáth Fhoclóir na Nua-Ghaeilge.[2] Chrom an Scanallach ar a leasú agus a chur ar fáil ar an ngréasán ar mhaithe le "droichead" a sholáthar idir an dá fhoclóir "do scoláirí na Gaeilge nó d'aon duine a bhfuil suim aige/aici i sanasaíocht na Gaeilge".[1]
Chaith Caoimhín Ó Scanaill dua le cuid mhaith leasaithe a chur i bhfeidhm ar an Innéacs. Luaitear ranna cainte na bhfocal Nua-Ghaeilge. I gcás na bhfocal ilchiallacha, sonraítear an ciall ceart le huimhir. De dheasca riachtanais na suíomhanna a bhí i gceist, san áit ar thug de Bhaldraithe an focal Nua-Ghaeilge ba ghaire don fhocal Luath-Ghaeilge (m.sh. geafta : gepta), is é an nasc chuig an bpríomhcheannfhocal san FGB a fhaightear i nDroichead DIL.[1]
Nascanna amach
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Suíomh oifigiúil: cadhan.com/droichead
- Cód: github.com/kscanne/droichead
- Léirmheasanna ar an Innéacs Nua-Ghaeilge:
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Léitheoireacht bhreise
[cuir in eagar | athraigh foinse]- de Bhaldraithe, T. (1981[nóta 1]). Innéacs Nua-Ghaeilge don “Dictionary of the Irish language”. BÁC: Acadamh Ríoga na hÉireann.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 3 4 Caoimhín Ó Scanaill. "Droichead DIL: Brollach". cadhan.com. Dáta rochtana: 2026-04-20.
- ↑ Katie Ní Loingsigh (Samhain 2016). "Tiomsú agus rangú i mbunachar sonraí ar chnuasach nathanna Gaeilge as saothar Pheadair Uí Laoghaire [Tráchtas Dochtúireachta, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath]": lch 70.
Nótaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Luann Ó Scanaill 1977 leis (Droichead DIL).
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |