Droichead Bailey

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Droichead réamhdhéanta a cheap Donald Bailey (1901-1985) le linn an dara cogadh domhanda le húsáid ag innealtóirí arm Shasana. An bunaonad 3 × 1.5 m i bhfoirm diamaint, de chruach neartaithe tháite. Is féidir le seisear fear an t-aonad seo a láimhseáil agus droichead le struchtúr casta go leor a thógáil as roinnt aonad.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Droichead Bailey". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 223.