Jump to content

Droghad Ny Seihill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharDroghad Ny Seihill
Cineálsaothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarChristopher Lewin Cuir in eagar ar Wikidata
TeangaGaeilge Mhanann Cuir in eagar ar Wikidata
FoilseachánOileán Mhanann, 2010 Cuir in eagar ar Wikidata
FoilsitheoirYn Çheshaght Ghailckagh
Tréith
Seánrafantaisíocht agus ficsean miotasach Cuir in eagar ar Wikidata
Leabharuimhir Chaighdeánach Idirnáisiúnta1-870029-37-0 Cuir in eagar ar Wikidata

Is úrscéal é Droghad Ny Seihill (ga: "Droichead na Saolta"[1]) le Christopher Lewin faoi Mhollie, bean a bhfuil in ann gluaiseacht idir an saol seo agus saol eile ar fad. Nuair a thosaítear le daoine a sciobadh ón saol seo caithfidh Mollie fáil amach cén fáth agus cad gur féidir a dhéanamh mar gheall air.[2][3]

Tá saol eile in aice láimhe, faoi mar a chreidtí fadó. Is ann a mhaireann na 'neuvarrvaanaigh' (neacha neamhbhásmhara, nach cosúil iad agus na 'neamhbheo' in Dracula). Tharla stair eile ar fad sa saol ceilte seo agus níl insint ar cén t-achrann a d'fhéadfadh a bheith ar na bacáin anois ann. I gcaitheamh an úrscéil, le hais na gcarachtar daonna, castar le go leor neacha neamhshaolta ó mhaighdeana mara go péire fiach dubh a chomharthaíonn "olc agus díobháil agus bagairt", go Manannán féin.[2]

Tá sé de bhua ag Mollie, nó de mhallacht uirthi, bheith in ann aistriú idir an dá shaol. Ní léir cad as don ualach diamhair seo nó cén réiteach a bheas ar an scéal – ábhar mór imní di. Níl sí léi féin áfach ina cuid fiosrúcháin faoi na daoine a d'imigh gan tásc gan tuairisc. Tá cuid den scéal suite i mBaile Átha Cliath.[2]

Thug Natalie Nic Shím "sár-úrscéal" ar an leabhar.[4]

"Úrscéal casta saibhir ilfhillte" a thug Alan Titley air, úrscéal "ar féidir mórán léamha a dhéanamh air." Thagair sé don iliomad carachtar agus gnéithe atá ann, agus dhearbhaigh go bhfuil "a chuid taighde déanta go beacht ag an údar, agus é snaidhmthe go cliste sa scéal." Maidir le cúrsaí stíle, dúirt an Titlíoch go bhfuil "comharthaí sóirt na linne seo agus an tseanscéalaíocht pósta go cumasach in aon phíosa litríochta aige" agus luaigh freisin go bhfuil "sleachta áille scríbhneoireachta ann."[2]

Féach Freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]