Jump to content

Dróin anaithnide san Eoraip, 2025

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtDróin anaithnide san Eoraip, 2025
Cineálaviation incident (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deviolations of non-combatant airspace during the Russo-Ukrainian war (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse22 Meán Fómhair 2025 - luach ar iarraidh
Dáta na bliana2025 Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Danmhairg, an Bheilg, an Eastóin, an Iorua, an Ghearmáin, an Pholainn, an Rómáin, an Fhrainc agus an tSualainn Cuir in eagar ar Wikidata
Cúisdrone flying (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Codanna

Chonacthas dróin anaithnide ar fud na hEorpa sa bhliain 2025, ó mí Mheán Fómhair 2025 ar aghaidh, bagairtí hibrideacha ón Rúis. Rinneadh iarracht Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky a mharú nó a imeaglú os cionn Chuan BhÁC ar an 1 Nollaig 2025, is cosúil. Tharla eachtraí eile dá leithéid i Stáit eile san Eoraip, sna ceantair Bhaltacha is Nordacha go hairithe, idir an mí Mheán Fómhair agus mí Nollag 2025.

Dróin sa Pholainn: 9-10 Meán Fómhair 2025

Bhí líon na n-eachtraí hibrideacha ar bhallstáit de chuid an Aontais Eorpaigh agus ar an Bhreatain ag méadú ó thús na Cogaíochta san Úcráin.[1] Tharla méadú suntasach i réimse na cibear-ionsaithe chomh maith.[2]

Dúirt Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Antonio Costa,gur “ionsaí hibrideach” a bhí i gceist le heachtra na ndrón.[3]

Chuaigh na dróin timpeall LÉ William Butler Yeats

Chonacthas dróin ag eitilt sa spéir in oirthuaisceart Bhaile Átha Cliath ar an 1 Nollaig 2025 ag an am céanna go raibh eitleán Volodymyr Zelensky ag leaindeáil in Aerfort Bhaile Átha Cliath. Mhaígh ambasadóir na Rúise[4] nach raibh baint ar bith ag a thír leis na dróin a bhí le feiceáil os cionn Chuan BhÁC.[5][1] Dúirt an Taoiseach Micheál Martin nach raibh aon ghlacadh aige le maíomh ambasadóir na Rúise.

Bhí Fórsaí Cosanta na hÉireann páirteach in oibríocht slándála, faoi stiúir an Gharda Síochána, le linn chuairt Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelensky.[6] [7]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 Nuacht RTÉ (2025-12-09). "Gan bhaint le dróin i rith chuairt Zelensky- Ambasáid na Rúise" (as ga-IE). 
  2. Nuacht RTÉ (2025-04-11). "Seolta crochta ag long spiaireachta ón Rúis" (as ga-IE). 
  3. "Diúltaithe ag an Taoiseach glacadh le maíomh ambasadóir na Rúise faoi dhróin os cionn Bhaile Átha Cliath" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-12-09). Dáta rochtana: 2025-12-09.
  4. Eisean a dúirt linn in 2022 nach raibh sé ar intinn na Rúise cogadh a thosú leis an Úcráin agus tá a fhios againn anois nach raibh sé sin fíor
  5. I ráiteas a thug Ambasáid na Rúise do 7LÁ, dúradh nach raibh sna scéalta faoi bhaint a bheith ag an Rúis le heachtra na ndrón ach ráflaí. “Níl feicthe againn ach ráflaí agus an leathfhocal. Diúltaímid go neamhbhalbh d’aon iarracht a thabhairt le fios go raibh baint, mar dhea, ag an Rúis leis an eachtra seo – níl aon bhunús leis sin.”
  6. MSN news (2025-12-09). "Four unidentified drones 'targeted' Zelenskyy’s arrival in Dublin by breaching tight security zone". www.msn.com. Dáta rochtana: 2025-12-10.
  7. MSN (9 Nollaig 2025). "Volodymyr Zelensky's alleged assassination plot: Plane dodges 'very expensive, large' military drones". www.msn.com. Dáta rochtana: 2025-12-10.