Dréachtchonradh Kyoto
Tar éis na socruithe mar gheall ar an athrú aeráide is an forthéamh domhanda a glacadh ag an gcruinniú mullaigh i Rio de Janeiro i 1992, glacadh le dréachtchonradh don tréimhse 2005-12 ag cruinniú mullaigh i gcathair Kyoto na Seapáine sa bhliain 1997.
Tháinig an conradh aeráide i bhfeidhm sa bhliain 2005 chun gearradh siar 5.2% a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa (dé-ocsaíd charbóin is eile) i gcomparáid le leibhéal 1990.
D'aistharraing na Stáit Aontaithe ó chóras Kyoto i 2001, agus de bhrí gur thainig siad le bheith ina dtíortha tionsclaíocha go déanach, níor tugadh tíortha móra atá ag forbairt —an tSín, an India, an Bhrasaíl, an Indinéis, is eile — isteach in aon chor.
Iarmhairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
Is í gníomhsprioc na hÉireann don bhliain 2012 faoin gconradh, taobh istigh de sprioc an Aontais Eorpaigh, astaíocht a bheidh 13% ar a méid os cionn ár leibhéil i 1990. Bhí dréachtchonradh nua á ullmhú le síniú i gCobanhávan i 2009, ach theip ar an gcruinniú mullaigh sin aon socrú a dhéanamh.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |