Douglas Adams
Scríbhneoir Sasanach ab ea Douglas Noël Adams (11 Márta 1952 – 11 Bealtaine 2001). B'aisteoir raidió agus ceoltóir amaitéarach é freisin.

Tá clú agus cáil air mar gheall ar an tsraith "Hitchhiker's Guide to the Galaxy".[1] Thosaigh an tsraith ar an raidió, ach bunaíodh cúig leabhar, sraith theilifíse, cluiche ríomhaire agus scannán air. Bhí a stíl féin go paiteanta aige mar údar, acmhainn mhaith grinn ann agus lán le diabhlaíocht. Foilsíodh i nGaeilge an chéad leabhar faoin teideal Treoirleabhar an tSíobaire don Réaltra.[2]
Chomh maith le Treoirleabhar an tSíobaire, scríobh Douglas Adams trí scéal ón gclár ficsean eolaíochta Doctor Who. Scríobh sé úrscéalta Dirk Gently freisin. Foilsíodh Dirk Gently agus a Ghníomhaireacht Bhleachtaireachta Iomlánaíoch i nGaeilge.[3]
Bhí cáil air freisin mar gníomhaí timpeallachta.

Fuair sé bás sa bhliain 2001 (taom croí) agus é 49 bliain d'aois.[4]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "BBC Radio 4 - The Hitchhiker's Guide to the Galaxy - How Douglas Adams changed the future" (en-GB). BBC. Dáta rochtana: 2019-02-03.
- ↑ "Treoirleabhar an tSíobaire don Réaltra (Douglas Adams)". An Siopa Leabhar. Dáta rochtana: 2026-02-26.
- ↑ Séamus (2022-01-21). "Aistriúchán Nua – Dirk Gently agus a Ghníomhaireacht Bhleachtaireachta Iomlánaíoch". Aistriulitriochta.ie. Dáta rochtana: 2026-02-26.
- ↑ "BBC Radio 4 - Great Lives, Series 46, Mark Carwardine on Douglas Adams" (en-GB). BBC. Dáta rochtana: 2019-02-03.
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |