Dorothea Lange

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Dorothea Lange, 1936

Grianghrafadóir agus iriseoir Meiriceánach ab ea Dorothea Lange (26 Bealtaine 1895  – 11 Deireadh Fómhair 1965), a aithnítear go háirithe as a cuid saothar le linn an Spealaidh Mhóir ar son an Farm Security Administration (FSA). Chuir grianghrafanna Lange cló dhaonna ar thorthaí an Spealaidh Mhóir agus bhí tionchar acu ar fhorbairt na grianghrafadóireachta faisnéise.

A luathshaol[athraigh | athraigh vicithéacs]

Rugadh Dorothea Lange ar 26 Bealtaine 1895 in Hoboken, New Jersey, de shliocht Gearmánach. [1][2] Rugadh í leis an ainm Dorothea Margaretta Nutzhorn. I ndiaidh dá hathair a mhuirear a thréigean nuair a bhí sí 12 bhliain d'aois, ceann den dá thráma ina luathshaol, d'fhág sí an dara ainm ar lár agus ghlac sí sloinne a máthar. An buille eile a d'fhulaing sí ná an póilió a bhuail í in aois a seacht mbliana. D'fhág sin an chos dheas lag aici agus céim bhacaí mar thoradh air.[1][2] "It formed me, guided me, instructed me, helped me and humiliated me," a dúirt sí. "I've never gotten over it, and I am aware of the force and power of it."[3]

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. 1.0 1.1 Lurie, Maxine N. and Mappen, Marc. Encyclopedia of New Jersey. 2004, lch. 455
  2. 2.0 2.1 Vaughn, Stephen L. Encyclopedia of American Journalism. 2008, lch. 254
  3. "Corrina Wu, "American Eyewitness", ''CR Magazine'', Spring/Summer 2010".