Donald Trump agus Éire

Thug Donald Trump cuairt ar Éirinn don chéad uair in 2011 chun cúrsa gailf, in aice le Dún Beag i gContae an Chláir, a fheiceáil. Ach tá nasc aige le hÉirinn agus leis an Ghaeilge a théann i bhfad siar. B'as Tunga i Leòdhas in Albain a mháthair, Màiri Anna Nic Leòid. Níor labhair sí ach Gàidhlig suas go dtí 18 bliain d’aois slánaithe aici.[1][2] Sna 1950idí i Nua Eabhrac, bhí rí-rá sa teach nuair a chonacthas Lá Fheile Pádraig i mBaile Átha Cliath ar theilifíseán lándaite don chéad uair.[3][4]




2010idí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 11 Feabhra 2014, cheannaigh an Trumpach cúrsa gailf in aice le Dún Beag i gContae an Chláir (Trump International Golf Links).[6] Ar an 12 Bealtaine 2014 thug sé cuairt ar Éirinn.
Sa bhliain 2017, thug Trump le fios gur mhian leis go dtabharfaí poist i gcomhlachtaí Meiriceánacha in Éirinn 'ar ais go Meiriceá.'[7]
Ar 5-6 Meitheamh 2019, tháinig Uachtarán na Stát Aontaithe go hÉirinn. Cuairt oifigiúil a bhí ann, an t-aon cheann amháin nuair a bhí Trump in oifig.[8] Bhuail sé leis an Taoiseach, Leo Varadkar. Labhair an bheirt cheannairí ag preasócáid in Aerfort na Sionainne. Imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach, an próiseas síochána sa Tuaisceart, imirce, trádáil agus an clár víosa E3 is mó a bhí idir chamáin acu. Dúirt an tUachtarán Trump gur mór an onóir dó a bheith in Éirinn. Dúirt sé freisin gur chreid sé go mbainfeadh Éire tairbhe as dealú na Breataine ón Aontas Eorpach.[8]
Thug sé cuairt ansin ar an Dún Beag i gContae an Chláir. Chaith sé an oíche in a óstán féin. An lá dár gcionn, tháinig sé ar ais óna chuairt go dtí an Fhrainc leis an oíche ina diaidh sin a chaitheamh ann chomh maith.
2025
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuir Trump tús le cogadh trádála i mí Feabhra 2025. Údar imní níos mó an bhagairt d’Éirinn ná d’aon tír eile san Aontas Eorpach mar gur go dtí na Stáit Aontaithe a sheolann Eire sciar níos mó dár n-easpórtálacha ná ballstáit eile.
Ar an 12 Márta, mhaígh Donald Trump ag a chruinniú leis an Taoiseach Micheál Martin sa Teach Bán go raibh Éire ag teacht i dtír ar Mheiriceá . Thagair sé chomh maith don bharrachas trádála “mór millteach” a bhí ag Éirinn leis na Stáit Aontaithe Mheiriceá.[9]
Dúirt Trump go raibh an-ghrá ag muintir na hÉireann dó agus dúirt sé go magúil gurbh é an t-aon slí go gcaillfeadh sé a gcuid tacaíochta ná mura bhfágfadh sé aon chomhlacht Meiriceánach acu.[10]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "FÍSEÁN: Cad a cheapann muintir Leòdhais faoi thoghadh duine de shliocht an oileáin ina Uachtarán ar SAM?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-06-14.
- ↑ Peter Geoghegan. "The Tiny Scottish Village That Spawned Trump" (en). POLITICO Magazine. Dáta rochtana: 2020-06-14.
- ↑ Michael Kruse (2020-05-08). "The Mystery of Mary Trump" (en). POLITICO Magazine. Dáta rochtana: 2025-03-12.
- ↑ Michael Kruse - Trump’s childhood friend, remembers the first color TV program he ever saw—at Trump’s house, a broadcast of a St. Patrick’s Day parade from Ireland, “and I remember his mom being very excited at that.”
- ↑ "Home - Trump International Golf Club - Doonbeg". www.trumpgolfireland.com. Dáta rochtana: 2025-03-12.
- ↑ "Home - Trump International Golf Club - Doonbeg". www.trumpgolfireland.com. Dáta rochtana: 2025-03-12.
- ↑ "'Tugaigí poist in Éirinn ar ais go Meiriceá' - Uachtarán Trump" (as ga) (2017-08-16).
- 1 2 Nuacht RTÉ (2019-06-05). "Fáilte curtha ag an Taoiseach roimh Donald Trump" (as ga).
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-03-12). "'Níl uaim aon rud a dhéanamh a ghoillfeadh ar Éirinn' – Trump" (as ga-IE).
- ↑ "‘Tá SAM ag dul ag tógáil ar ais go leor dár ghoid tíortha eile uathu’ a deir Trump i gcruinniú leis an Taoiseach" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-03-12). Dáta rochtana: 2025-03-12.