Dolores Kelly
Is iarpholaiteoi de chuid Thuaisceart Éireann í Mary Dolores Kelly, a rugadh ar 3 Meán Fómhair 1959. Ba chomhalta den Tionól Reachtach í don Bhanna Uachtarach ó 2003 go 2016, agus ó 2017 go 2022.[1]. Bhí sí ina leascheannaire ar PSDLO ó 2011 go 2015 fosta.
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rinne sí staidéar ar Scoil Ghramadaí Naomh Mícheál, an Lorgain agus Ollscoil Uladh i mBaile Shiúrdáin. D'oibríodh sí mar theiripeoir saothair in Otharlann Cheantar Craigavon agus le seirbhísí sóisialta i nDroichead na Banna. Sa bhliain 1982, phós sí le hEamon Kelly agus tá ceathrar páistí acu.
Gairm pholaitíochta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Toghadh ar Chomhairle Buirge Craigavon í den chéad uair sa bhliain 1993. Sa bhliain 1996, sheas sí sa toghchán don Fhóram Thuaisceart Éireann gan rath. Sa bhliain 1997, atoghadh ar an chomhairle í. Toghadh ina leasmhméara í sa bhliain 1998 agus, ó 1999 go 2000, bhí sí ina céad mhéara PSDLO de chuid Craigavon.
Sa bhliain 2003, toghadh ar Thionól í agus ba bhall den Bhord Póilíneachta TÉ.
Sa bhliain 2004, bagraíodh an bás uirthi le heasaontóirí poblachtacha agus rinneadh ionsaí ar a baile. Sa bhliain 2009, bhagair fear gunna masctha ar Kelly nuair a bhí sí ag canbhasáil san Eastát Chill Uilce, An Lorgain
Chaill sí a suíochán in 2016 ach fuair sí é ar ais in 2017 agus d'fhill sí chuig Bord Póilíneachta fosta. Chaill sí a suíochán arís sa toghchán 2022
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "The Northern Ireland Assembly" (en-GB). www.niassembly.gov.uk. Dáta rochtana: 2026-05-28.
| Is síol faoin duine as Thuaisceart Éireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
- Síolta a bhaineann le daoine as Tuaisceart na hÉireann
- Daoine a rugadh i 1959
- Daoine beo
- Alumni Ollscoil Uladh
- Comhaltaí den Dara Tionól Reachtach Thuaisceart Éireann (2003-2007)
- Comhaltaí den Tríú Tionól Reachtach Thuaisceart Éireann (2007-2011)
- Comhaltaí den Cheathrú Tionól Reachtach Thuaisceart Éireann (2011-2016)
- Comhaltaí den Séú Tionól Reachtach Thuaisceart Éireann (2017-2022)
- Náisiúnaithe Éireannacha
- Páirtí Sóisialta agus Daonlathach an Lucht Oibre