Doktor Faustus

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Doktor Faustus, 1947

Leabhar le Thomas Mann is ea Doktor Faustus. Cineál faoistin atá ann, agus an t-údar ag tabhairt cur síos siombaileach ar imeachtaí agus ar fhórsaí a shaoil féin.

Scéal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Go bunúsach, athinsint ar mhiotas Gearmánach an dochtúra Faust atá ann - fear a dhíol a anam leis an diabhal le léargas a fháil ar rúin na cruinne. San úrscéal, is ceolchumadóir é Faust - ceolchumadóir darb ainm Adrian Leverkühn.

Tomas Mann: Die Entstehung des Doktor Faustus. Roman eines Romans, 1949

Comhthéacs[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1941, chuir muintir Mann fúthu i bPacific Palisades idir Santa Monica agus Malibu. B'ansin a chrom an scríbhneoir ar an úrscéal mór Doktor Faustus a scríobh.

Chuir galar tromchúiseach - ailse na scamhóg - isteach ar Mann san obair seo. Ach sa deireadh, d'éirigh leis an leabhar a chríochnú, agus tháinig sí i gcló sa bhliain 1947.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]