Jump to content

Doireann Ní Ghlacáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDoireann Ní Ghlacáin
Beathaisnéis
Breith(en) Doireann Glackin Cuir in eagar ar Wikidata
Cluain Tarbh (Éire)
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Íosagáin
Ollscoil na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Ghaeilge
Gníomhaíocht
Gairmfidléir, pearsa raidió, acadóir, láithreoir teilifíse, amhránaí, podchraoltóir Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraSean-nós
TeangachaBéarla
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
Duine muintearthaSeán Ó Riada (seanathair) Cuir in eagar ar Wikidata

Is fidléir, amhránaí ar an sean-nós agus láithreoir teilifíse í Doireann Ní Ghlacáin (a rugadh i 1993/1994).

D'fhás Ní Ghlacáin aníos i gCluain Tarbh, Co. Bhaile Átha Cliath.[1] Ba gharda é a hathair, Kevin Glackin, agus is comhfhreagraí polaitíochta do TG4 í a máthair, Sorcha Ní Riada.[1] Ba é an cumadóir Seán Ó Riada a seanathair.[2]

Fuair Ní Ghlacáin a bunoideachas i Scoil Neasáin, Gaelscoil i mBaile Harmon, sular fhreastail sí ar Choláiste Íosagáin, Baile an Bhóthair.[1]

Tá Ní Ghlacáin mar chomhláithreoir ar an bpodchraoladh dátheangach How to Gael, le Louise Cantillon agus Síomha Ní Ruairc, agus láithreoir teilifíse agus raidió le RTÉ Raidió 1, TG4, agus RTÉ.[3]

Chuir sí an clár faisnéise Seán Ó Riada - Mo Sheanathair i láthair in 2021, ag fiosrú saol agus saothar a sheanathar, Seán Ó Riada.[2]

Is taispeántas tumtha amhránaíochta é Tionscadal Abair Amhrán[4] le Doireann Ní Ghlacáin, a tháinig ar an bhfód in 2024.[5][6]

I mí Aibreán 2026, fógraíodh go mbeidh clár teilifíse nua ó Ní Ghlacáin agus a comhleacaithe How to Gael Louise Cantillon agus Síomha Ní Ruairc darb ainm Lasta HTG. Craolfar an clár ar TG4, agus rinneadh cur síos ar mar sraith a bheidh “lán d’fhuinneamh taobh istigh de shíbín comhaimseartha le haíonna móra, ceol beo, greann, agus craic”.[7]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Camchuairt 'Tionscadal Abair Amhrán' le Doireann Ní Ghlacáin, 2024-2025

  1. 1 2 3 “Fiddler Doireann Ní Ghlacáin: ‘My mother talked to us in Irish as kids and I'd be mortified. Now I’ve a really strong sense of my identity. I'm a Gael’” (en). Irish Independent (2021-08-01). Dáta rochtana: 2025-02-02.
  2. 1 2 O’Connell (2021-12-23). “Doireann Ní Ghlacáin on delving into the life of her grandfather Seán Ó Riada” (en). Irish Examiner. Dáta rochtana: 2025-02-02.
  3. ↑ “The Collaborations Agency — Doireann Ní Ghlacáin” (en-GB). The Collaborations Agency. Dáta rochtana: 2025-02-02.
  4. ↑ i mBéarla, Say a Song Project
  5. ↑ "Say a Song Project - Irish Arts Center". irishartscenter.org. Dáta rochtana: 2026-09-11.
  6. ↑ "'Say a Song' Irish Music Project launch @ The Complex." (en). The Complex (2024-09-11). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2026-06-08. Dáta rochtana: 2026-09-11.
  7. ↑ "Sraith theilifíse ag mná ‘How To Gael’, 45% de mhaoiniú Choimisiún na Meán ceadaithe do chláir Ghaeilge agus dhátheangacha" (ga-IE). Tuairisc.ie (2026-04-15). Dáta rochtana: 2026-05-15.