Dlúthach mac Ficheallaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDlúthach mac Ficheallaigh
Beathaisnéis
Bás738 (Féilire Ghréagóra)
Teaghlach
PáisteInreachtach mac Dlúthaigh Cuir in eagar ar Wikidata
AthairFithchellaigh (?)

Ochtú rí déag Uí Mhaine ba ea Dlúthach mac Ficheallaigh (Meán-Ghaeilge Dluthach mac Fithceallaigh ) (bás 738[1]).

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níl sonraí ar bith le fáil dá réimeas féin.

Tharla na heachtraí a leanas i gConnachta agus i Éirinn le linn a réimis:

  • ACM 717.7: Cath etir Chonnachtaibh & Corca Bhaiscinn, inar marbhadh mac Talamhnaigh.
  • ACM 718.1: ... Inrachtach, mac Donnchadha Muirisce, righ Connacht do mharbhadh san g-coinbhliocht-sin Almhuine madh fíor.
  • ACM 727.7
At-ces bó i n-Deilginis Cualann, aoin-chend & aon-chorp le go a slindenaibh, dá chorp ó a slindenaibh siar, & dá erball. Bátar sé cosa fuirre, no blightí fo thrí h-í gach laoi, & ba moa ar gach nuair a h-ass. Ro toimhleadh[2] la daoinibh iomdha a h-as, & ní don im do-ronadh de.
Chonacthas bó i nDeilginis Cualann, aon cheann agus aon chorp léi go dtí a slinneáin, dhá chorp óna slinneáin siar, agus dhá eireaball. Bhí sé chos aici, agus bhlití í faoi thrí i ngach lá, agus ba mhó gach uair a bainne. Tomhlaíodh iomaí daoine a bainne, agus rinne den im a rinneadh de.

Muintir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sinsear Clann Flaitheamhail Mic Dluthaigh ba ea mac leis. Is amhlaidh gur imigh an chlann úd as cuimhne tar éis Maelbrighdi mac Innrachtach, dubhó Dluthaigh, beo c. 800.

Mhair ar a laghad Clann Bhreasil. De shliocht Domhnalláin mhic Mhaolbhríde é géag amháin den chlann úd, agus ghlacadar an sloinne Ó Domhnalláin. Lonnaithe i mBaile Uí Dhomhnalláin, gar de Bhaile Locha Riach, baird mór le rá sna Connachta agus sa Mhumhain ba ea iad. Tugtar a nginealach mar:

Domnallan, mac Maelbrigdi, mic Grenain, mic Loingsich, mic Domnallain, mic Bresail, mic Dluthaig, mic Fithchellaig, mic Dicholla, mic Eogain Find.

Deirtear gur deartháir le Cosgrach ba ea Dlúthach. Sinsear Mhic Aodhagáin, filí agus dlíodóirí, ba ea Cosgrach:

Maelisa Ruadh, mac Saerbrethaig, mic Flaind, mic Gilli Shuasanaig, mic Saerbrethaig, mic Muirchertaig, mic Floind, mic Aedagain, mic Goistin, mic Flaithim, mic Flaithgili, mic Cosgraig, mic Fidchellaig.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Corpus of Electronic Texts
  • Francis John Byrne, Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath (1971;2003) Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Gerard Madden, History of the O'Maddens of Hy-Many, 2004. ISBN 0-9529511-7-7.
  • Joseph Mannion, The Life, Legends and Legacy of Saint Kerrill: A Fifth-Century East Galway Evangelist, 2004. ISBN 0-9547698-1-3
  • Denis Walsh, Uí Mhaine
  • Dan P. McCarthy, Synchronisms Curtha i gcartlann 2012-06-08 ar an Wayback Machine, eagrán athbhreithnithe, Coláiste na Tríonóide.
  • Commentary by Dan M. Wiley (The Cycles of the Kings Web Project)

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Annála na gCeithre Máistrí ACM 738.7
  2. do-meil, tomhail, ith, blas, ar eDIL


Réamhtheachtaí
Sechnassach mac Congail
Rí Uí Mhaine
711–738
Comharba
Cathal Maenmaighe