Dlíthe Arbhair
![]() | |
Cineál | series of Acts of Parliament of the United Kingdom (en) ![]() ![]() |
---|---|
Údar | Parlaimint na Ríochta Aontaithe ![]() |
Chuir na Dlíthe Arbhair sa bhliain 1815 dleacht[1] trom ar "arbhar"[2] ag teacht isteach sa Ríocht Aontaithe. Thaitin siad leis na mórúinéirí talún, ach bhí praghas an bhia an-ard. Agus an réabhlóid thionsclaíoch faoi lánseol sna 1840idí, theastaigh ó thionsclóirí an bia a shaoirsiú, le go bhféadfaidís tuarastal níos ísle a íoc. Cuireadh na dlíthe ar ceal in 1846.[3]
Nuair a aisghairmeadh na Dlíthe Arbhair, thit praghas an arbhair do lucht oibre na Breataine, agus thit costais lucht na tionsclaíochta, rud a thug tuilleadh airgid dóibh chun infheistíocht a dhéanamh ina gnóthaí agus an táirgiúlacht a neartú.[4]
1815
[cuir in eagar | athraigh foinse]I ndiaidh dheireadh Chogaí Napoleon thit an praghas ard a bhí ar an arbhar le linn na gcogaí. Bhí éileamh mór ar an arbhar le linn na gcogaí agus feirmeoirí agus tiarnaí talún móra ag déanamh go maith as. Ach nuair a tháinig an tsíocháin, rinneadh arbhar níos saoire a iompórtáil ó thíortha lasmuigh den Ríocht Aontaithe agus d’ísligh an praghas a bhí ar phunt arbhair go sciobtha.[4]
Ag an am, bhí cumhacht ollmhór ag na tiarnaí talún i bParlaimint Westminster. Chun dul i ngleic le titim na bpraghsanna, theastaigh uathu taraifí a chuir i bhfeidhm. Ritheadh reachtaíocht, na Dlíthe Arbhair, in 1815 agus cuireadh taraifí móra ar an arbhar a tháinig isteach sa stát, beart a choinnigh arbhar a d’fhás na tiarnaí ag praghas an-ard.
De dheasca gurbh é arán an príomhbhia a bhí ag lucht oibre na Breataine, bhí drochthionchar ag praghsanna arda an arbhair ar go leor teaghlach agus iad stiúgtha leis an ocras. Bhí lucht oibre Shasana, na hAlban agus na Breataine Bige sna cathracha agus bailte tionsclaíochta ag fulaingt go mór cheana féin de bharr tuarastail ísle agus drochchoinníolacha sna muilte, monarchana agus mianaigh. Ba tharcaisne curtha i gceann na héagóra na praghsanna ardaithe arbhair dóibh siúd.
D’éirigh an éagothromaíocht shóisialta níos measa de bharr na nDlíthe Arbhar. Ar thaobh amháin bhí na tiarnaí talún móra, agus ar an taobh eile bhí an lucht tionsclaíochta rachmasach agus an lucht oibre, a chreid gur ualach míchothrom ar an ngeilleagar a bhí sna dlíthe.

Bhí úinéirí na monarchana i gcoinne na nDlíthe Arbhar de bharr go raibh orthu tuarastail níos airde a n-íoc lena n-oibrithe chun nach mbeidís beo bocht agus stiúgtha. Bhí cuid mhaith acu ar son na saorthrádála agus chreideadar go dtiocfadh méadú ar an táirgiúlacht déantúsaíochta agus go mbeadh earraí Briotanacha níos iomaíche sna margaí domhanda dá ndéanfaí aisghairm ar na Dlíthe Arbhair.[4]
Tháinig cuid acu le chéile chun an Conradh i gCoinne na nDlíthe Arbhair a bhunú in 1838. D’fhorbair an eagraíocht ina gluaiseacht chumhachtach pholaitiúil, le daoine mór le rá ar nós Richard Cobden agus John Bright chun cinn san fheachtas. Dúirt Cobden go raibh na Dlíthe Arbhair, “ar an gcoir pholaitiúil is mó le linn ár ré. Is íobairt leas sóisialaí an phobail ina iomláine iad na dlíthe ar mhaithe le haicme amháin”. D’éirigh agóidí ón mbun aníos i gcoinne na ndlíthe chomh maith. Mar a dúirt oibrí teicstíle ó Chathair Mhanchain sa Northern Star (nuachtán de chuid na gCartach) in 1839:
“Táimid ag fáil bháis a fhad is go bhfuil na tiarnaí talún ag éirí ramhar ar ár saothar. Coinníonn na Dlíthe Arbhair an t-arán daor, agus ár bpá íseal. Cén fáth ar cheart dúinn a bheith ag obair ó dhubh go dubh , agus fós ár leanaí a fheiceáil ag caoineadh ar son aráin, agus na daoine saibhre ag ithe cruithneacht mhín ónár bpáirceanna féin?”

Aisghairm Dhlíthe an Arbhair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cuireadh na dlíthe ar ceal in 1846. Aisghaireadh na dlíthe ar deireadh sna 1840í ar dhá chúis, idé-eolaíocht eacnamaíochta na saorthrádála laissez-faire agus an Gorta Mór in Éirinn. Nuair a chuaigh an Drochshaol in olcas in 1846 mar gheall ar mheath na bprátaí, bhí bac á chur ag na Dlíthe Arbhair ar iompórtáil arbhair níos saoire isteach in Éirinn, agus cuireadh brú ar an bPríomh-Aire, Robert Peel, a bhí ina Thóraí, gníomhú chun reachtaíocht a rith.
Ba é Sir Robert Peel a bhí ina Phríomh-Aire ar an Ríocht Aontaithe. Coimeádach agus fear mór saorthrádála a bhí ann agus é ag iarraidh na dlíthe a chuir ar ceal a choisc iompórtáil an arbhair go dtí an Ríocht Aontaithe. Bhí smaointeoireacht na saorthrádála tagtha i réim i measc na bpolaiteoirí liobrálacha agus lucht na tionsclaíochta faoin tráth seo (a bhuí le smaointeoirí caipitlíocha amhail David Ricardo agus Adam Smith. Luaigh Smith ina leabhar The Wealth of Nations (1776) go rachadh ‘lámh dhofheicthe an mhargaidh’ chun leasa don tsochaí i gcoitinne).[4]
Cé gur Coimeádach a bhí in Peel thuig sé nach bhféadfaí leanúint leis na dlíthe agus aisghairmeadh iad in 1846, rud a scoilt an Páirtí Coimeádach. Ar ndóigh, iad siúd a bhí ag fabhrú na saorthrádála ar chúiseanna idé-eolaíochta, ar nós Robert Peel, bhí siad meáite le fada ar na dlíthe seo a aisghairm. Bhí an chuid ba mhó de na Coimeádaigh ag easaontú le Robert Peel faoi cheist na ndlíthe seo, áfach, agus é fágtha i muinín na bhFuigithe le haghaidh tacaíochta. Nuair a chualathas iomrá ar ghorta in Éirinn, shíl Peel go bhféadfadh sé buntáiste a ghlacadh ar an tubaiste seo le fáil réidh de na dlíthe faoi dheireadh.[3]
In Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí toradh na fealsúnachta saorthrádála le brath go mór an bhliain dár gcionn, 1847, le linn an Ghorta Mhóir, nuair a cheadaigh polaiteoirí Liobrálacha do mhilliún Éireannach bás a fháil de bharr gur chreid siad go dlúth sa tsaorthrádáil laissez-faire. Cé go bhféadfaí arbhar a thabhairt isteach sa tír anois gan taraifí, bhí an méid sin bia á sheoladh amach as an tír de bharr na saorthrádála gur beag an buntáiste a bhí ann dóibh siúd a stiúg.
Mar a dúirt an náisiúnaí Seán Mistéil (a chosain córas na sclábhaíochta i gCónaidhm Mheiriceá ar ball, faraor), “sheol an Tiarna meath na bprátaí, gan dabht, ach chruthaigh na Sasanaigh an Gorta”. Bhí an ceart aige, ar bhealach. Ach i ndáiríre, ba é an córas caipitlíoch laissez-faire i bpáirt leis an gciníochas frith-Éireannach ba chúis leis.[5][4]
An ”coimisiún eolaíochtúil” a cuireadh ag taighde cheist an tsoláthar bia in Éirinn, is é an breithiúnas a thug sé go raibh gorta ag bagairt ar an tír i ndáiríre. Bhí na Feisirí Éireannacha ag éileamh coisc ar easpórtáil an arbhair as Éirinn, agus iad araiciseach chun calafoirt na tíre a oscailt d'arbhar iompórtáilte. Ní bhfuair siad ceachtar den dá chuid. Dhiúltaigh an Rialtas faoin chéad éileamh iad, agus lucht an chosantachais ag cur in aghaidh an dara ceann, cé go raibh Peel ag tacú leis an smaoineamh.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ nó taraif
- ↑ 'Séard atá i gceist anseó ná cruithneacht nó grain, ní “arbhar Indiach.” Féach ar Róislín (2010-11-29). "Maidir le Succotash (Cuid a Dó)". Irish Language Blog | Language and Culture of the Irish-Speaking World. Dáta rochtana: 2025-04-14.
- ↑ 3.0 3.1 Red banner magazine (2025-03-23). "Stailceanna agus comhcheangail oibrithe" (en-GB). RED BANNER. Dáta rochtana: 2025-04-14.
- ↑ 4.0 4.1 4.2 4.3 4.4 Kerron Ó Luain (2025-04-11). "Cnámh Spairne tharaifí na nDlíthe Arbhair sa 19ú hAois" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2025-04-14.
- ↑ an léargas a thugtar i leabhar de chuid Bhreandáin Mhic Shuibhne, The End Outrage, chun tuiscint a fháil ar na córais a ghéaraigh uafás an Drochshaoil