Jump to content

Dlí réadmhaoine san Iosrael

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí DoiciméadDlí réadmhaoine san Iosrael
Cineálacht parlaiminte Cuir in eagar ar Wikidata
Díbirt agus ruaigeadh i Haifa de chuid na Haganah,[1] 1948[2]
Teifigh sa bhliain 1948

Is corpas dlí casta é dlí réadmhaoine san Iosrael i láthair na huaire.

Chuir an corpas dlí seo bailchríoch ar an olltubaiste a imríodh ar mhuintir na Palaistíne ó na 1940idí ar aghaidh. Ó 1950 i leith is uirlis é an dlí réadmhaoine leis an bpobal Palaistíneach i stát Iosrael a choinneáil in áit na leathphingine.

Díbirt agus ruaigeadh i Lydda (nó Lod) in 1948.[3]

In 1947 rinne na Náisiúin Aontaithe críochdheighilt ar an bPalaistín, ag bronnadh breis agus a leath ar an bpobal Giúdach, cé go mba lú ná trian de mhuintir na Palaistíne iad. Theith na mílte Arabach ó na críocha a bhí curtha i leataobh do shainstát Giúdach.[4]

Chun treisiú le bunú an stáit seo, thug paraimíleataigh Shíónacha ruathair faoi shráidbhailte Arabacha. Níorbh fhada go ndeachaigh na hionsaithe seo thar na críocha a bhí bronnta orthu, agus tuilleadh Palaistíneach fós díbrithe. Faoi dheireadh 1948, bhí breis agus trí cheathrú den Phalaistín faoi stát nua Iosrael, agus os cionn 700,000 Palaistíneach ina dteifigh.

Cé gur ghlac na Náisiúin Aontaithe le rún go ligfí teifigh abhaile agus go gcúiteofaí iad, chuir Iosrael stop leo siúd a rinne iarracht filleadh. Ghlac lonnaitheoirí seilbh ar thalamh agus tithe, agus scriosadh bunainmneacha Arabacha a n-áiteacha dúchais.[4]

Dlí réadmhaoine san Iosrael

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mar bhearta cogaidh a díshealbhaíodh Palaistínigh in 1948. In 1950 féachadh le bonn dlíthiúil a chur faoi leis an Dlí um Shealúchas Neamhláithrithe. Bhunaigh sé sin Comhairle Caomhnaithe Sealúchas Neamhláithrithe, agus Caomhnóir mar chathaoirleach uirthi. De réir an dlí, “dílsítear gach sealúchas de chuid neamhláithrithe sa Chaomhnóir leis seo” agus “rachaidh gach ceart a bhí ag neamhláithrí ina chuid sealúchais chuig an gCaomhnóir”.[4]

Sainmhíníodh mar “neamhláithrí” chuile dhuine a d’fhág áit a bhí faoi cheannas Iosrael. Tugadh an bhail chéanna ar dhaoine a theith go dtí áit eile a bhí faoi stát Iosrael, fiú mura ndeachaigh siad thar an sráidbhaile ba ghaire dóibh. D’fhág sé seo tuairim is 50,000 Palaistíneach ina dteifigh inmheánacha.

Bhí cead ag an gCaomhnóir seilbh a ghlacadh ar mhaoin ar bith de chuid na “neamhláithrithe” seo. Ní talamh amháin a bhí i gceist, ach tithe, gnólachtaí, agus troscán féin. D’fhéadfadh an Caomhnóir ordú díbeartha a thabhairt do dhaoine nach raibh ceart acu a bheith in áitreabh, dar leis, agus bhí cumhacht aige foirgnimh a leagan. Bhí cead a chinn aige an sealúchas seo a chur ar fáil do lonnaitheoirí Iosraelacha.

Tháinig an Dlí um Shealúchas Neamhláithrithe i bhfeidhm ar an 31 Márta 1950,

Tharla leasuithe go leor ó shin. D’fhógair an dlí in 1950 go mbeadh feidhm leis a fhad a leanfadh an staid éigeandála in Iosrael, staid atá i bhfeidhm ó shin i leith. Cuireadh leis an dlí ina dhiaidh sin, agus leathnaíodh a réim de réir mar a leathnaigh Iosrael a cheannas. Nuair a ghabh sé Gaza, Bruach Thoir na hIordáine, agus Oirthear Iarúsailéim in 1967, baineadh leas as arís le Palaistínigh a dhíshealbhú agus greim a fháil ar a gcuid.

Tá an dlí réadmhaoine de chuid Iosrael mar thaca le géarú an lonnaithe ar an mBruach Thiar fós sa 21ú haois.[4]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Haganah" (as en) (2025-03-16). Wikipedia.
  2. Benny Morris. "Was Israeli looting in '48 part of a broader policy to expel Arabs?" (en). Haaretz.com. Dáta rochtana: 2025-03-31.
  3. Ami Asher (2013-11-11). "'Thanks for doing Zionism's filthy work': A response to Ari Shavit" (en-US). +972 Magazine. Dáta rochtana: 2025-03-31.
  4. 1 2 3 4 Aindrias Ó Cathasaigh (2025-03-21). "75 bliana ó shin: dlí grabála Iosrael" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2025-03-31.