Dlí Pascal
Cuma
De réir Dlí Pascal, nuair a bhíonn méadú ar bhrú ag pointe ar bith i shreabhán (gás nó leacht) sáinnithe, bíonn méadú comhionann ag gach pointe eile sa choimeádán.
Is é sreabhadh sreabháin gluaiseacht an tsreabháin ó áit amháin go háit eile, agus tomhaistear é mar an ráta sreafa, an mhais den sreabhán a théann thar phointe ar leith gach soicind. Más sreabhán dochomhbhrúite é, is fíor prionsabal an leanúnachais gurb ionann an méid den sreabhán a shreabhán isteach i líonra píobán is an méid a shreabhann amach as.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Dlí Pascal". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 508.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |