Jump to content

Dlí Jennie

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Achtaíodh Dlí Jennie,[1]an tAcht um Chlár Breithiúnas Foréigin Baile, in Éirinn in 2026 chun clár poiblí faisnéise faoi chiontú daoine i bhforéigean baile a chur ar bun. Is féidir a fháil amach ar ciontaíodh duine i bhforéigean baile trí chlár oifigiúil ciontóirí a chuardach. Tá cead ag daoine a thagann slán ó ionsaithe bac a chur ar fhoilsiú ainmneacha.[2]

Dhúnmharaigh iarpháirtí Jennifer Poole í ina teach cónaithe i bhFionnghlas i mBaile Átha Cliath in 2021. Bhí sí 24 bliain d’aois.

Ní raibh a fhios aici riamh gur ciontaíodh an fear a mharaigh í in ionsaí ar bhean eile agus ar a máthair sé bliana roimhe sin. Tháinig an scéal chun solais nuair a chríochnaigh an triail inar ciontaíodh é i ndúnmharú Jennifer in 2022.[2]

Taifeadadh 62,275 eachtra foréigean baile in 2025, de réir Women’s Aid. Is ionann an figiúr agus 170 ionsaí i dtithe cónaithe gach lá.

Ní chiontaítear formhór na n-ionsaitheoirí riamh. Ar dhá chúis: toisc nach gcuirtear tuairisc ar ionsaithe faoi bhráid na ngardaí nó toisc nach dtéann cás ina dtaobh chun cúirte. Mar sin níl ar chlár na gciontóirí ach cuntas ar chéatadán fíorbheag de na hionsaitheoirí. Ní chuireann Dlí Jennie spás ar fáil do mhná atá ag iarraidh teitheadh ó fhir a ionsaíonn iad.[2]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBéarla, Jennie’s Law
  2. 1 2 3 Cathal Mac Coille (18 Iúil 2026). "Léiríonn ‘Dlí Jennie’ gur dlúthchuid de chúram gach Teachta Dála é an pobal a chosaint" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-07-20.