Dlí Jante

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is Dlí Jante (Ioruais agus Danmhairgis: Janteloven, Sualainnis: Jantelagen) ann ná "dlí neamhscríofa" na bpobal beag cúngaigeanta mar a chuir an scríbhneoir Danmhargach-Ioruach Aksel Sandemose i bhfocail é ina úrscéal En flyktning krysser sitt spor. Is gnách "Dlí Jante" a thuiscint mar chuid de chultúr Chríoch Lochlann, ach is féidir an chiall a bhaint as gur cuid de nádúr an duine ar fud an domhain é cloí le Dlí Jante.

Is é "Jante" an t-ainm a bhaist Sandemose ar a chathair dhúchais féin, Nykøbing-Mors, san úrscéal. Inniu, úsáidtear an téarma sin "dlí Jante" mar théarma socheolaíochta idirnáisiúnta.

Dlí Jante[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dlí Jante:

1) Ná síl gur duine as an ngnáth thú.
2) Ná síl go bhfuil tú ar aon leibhéal linne.
3) Ná síl go bhfuil tú níos cliste ná sinne.
4) Ná bí ag áitiú ort féin go bhfuil tú níos fearr ná sinne.
5) Ná síl go bhfuil tú níos eolaí ná sinne.
6) Ná síl go bhfuil tú níos tábhachtaí ná sinne.
7) Ná síl go bhfuil tú ábalta ar a dhath.
8) Ná bí ag gáire fúinne.
9) Ná síl gur cás ar aon duine eile do chás-sa.
10) Ná síl gur féidir leat a dhath a mhúineadh dúinne.

An duine nach gcloíonn leis na rialacha seo, gearrfar pionós dó de réir an aonú mír déag, is é sin:

11) Ná síl nach eol dúinn a lán fútsa.